Ar mhaith leat a bheith ar an eolas faoi na scéalta nuachta agus fógraí éagsúla a fhoilsítear gach lá ar Gaelport.com? An gceapann tú áfach nach bhfuil a dhóthain ama agat?
Bainimid leas anseo as RSS Feeds nó fothaí RSS go minic le bheith ar an eolas faoi na scéalta is déanaí a fhoilsítear ar na suímh Ghréasáin is mó.
Molaimid an gléas atá ag Google dar teideal ‘Google Reader’ agus is ansin a bhfuilimid in ann teacht ar na scéalta is déanaí.
Tá sé fhotha RSS ag Gaelport.com faoi láthair a bhaineann leis na leathanaigh atá nua-shonraithe go minic againn.
Má tá aon cheist agat i dtaobh na bhfotha RSS atá ag Gaelport.com ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn anseo. Seol ríomhphost chuig eolas@gaelport.com.
| An Nuacht is Déanaí | Scéalta laethúla ó earnáil na Gaeilge | Fotha RSS |
| As na nuachtáin | Na scéalta is déanaí ó na meáin chlóite | FothaRSS |
| Imeachtaí sa Phobal | Dialann ina dhéantar cur síos ar imeachtaí Gaeilge in Éirinn agus thar sáile | Fotha RSS |
| Folúntais | Na folúntais is déanaí in earnáil na Gaeilge | Fotha RSS |
| Cúrsaí Oiliúna | Ranganna Gaeilge agus cúrsaí traenála in Éirinn agus thar lear | Fotha RSS |
| Preas Ráitis | Eolas do na meáin maidir le feachtais agus tionscadail na Comhdhála | Fotha RSS |