Bíonn An Chomhdháil ag déanamh abhchóideachta ar son cearta teanga agus stádas na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.
Chomh maith leis sin, tá An Chomhdháil ionadaíoch ar 24 eagraíocht agus bíonn An Chomhdháil ag plé le ceisteanna a bhaineann le ról na hearnála deonaí i gcur chun cinn na Gaeilge.
Fógraítear anseo an nuacht is déanaí mar a bhaineann sé le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus ceisteanna a bhaineann le cearta teanga.
Seirbhís eolais saor in aisce atá ann agus tugtar cuireadh do chomhlachtaí poiblí fógraí do phobal na Gaeilge a phoibliú anseo. Tuilleadh eolais ar fáil ó Ferdia Ó Mongáin, fomongain@comhdhail.ie.
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le fógairt an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh agus Próiseas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht.
Ar Lean »
Dréacht-scéim á hullmhú ag Údaráis Áitiúla Chill Mhantáin.
Ar Lean »
Tá sé fógartha ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge inniu go ndéanfaidh Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tUasal Dónall Ó Braonáin, Tóstal na Gaeilge 2012 a oscailt go hoifigiúil Dé Sathairn seo chugainn.
Ar Lean »
Tá faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a chéad Scéim Ghaeilge a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhaidhm an Achta cinntiú go mbeidh fáil níos fearr ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus iad a bheith ar chaighdeán níos airde.
Ar Lean »
Tionólfar Tóstal na Gaeilge 2012 Dé Sathairn, 14 Eanáir 2012, in Óstán an Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2. Is comhdháil débhliantúil atá sa Tóstal ag a mbailíonn pobail Ghaeilge na tíre agus cairde na teanga lena chéile chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge.
Ar Lean »
Dréachtscéim á hullmhú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
Ar Lean »
Tá Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta i mbun comharliúcháin maidir lena mbeartas Gaeilge. Is mian leis an gComhairle Ceantair tuairimí réimse leathan daoine a fháil lena chinntiú go bhfuil an beartas praiticiúil agus cuiditheach.
Ar Lean »
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag dréachtadh a dara scéim de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Ar Lean »
Faoi fhorálacha Chuid 5 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé i gceist ag an gCoimisiún Logainmneacha comhairle a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, TD, ordú logainmneacha a dhéanamh chun leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Chontae Chorcaí (seachas na ceantair Ghaeltachta) a dhearbhú.
Ar Lean »
Tá Plean Stratéiseach Trí Bhliana nua á ullmhú ag an Seirbhís Chúirteanna le chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais i mí na Samhna 2011.
Ar Lean »
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu i dtaca le hAthbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tagann an t-athbhreithniú ar an Acht seo leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí i gcoitinne, agus tá sé mar mhír ar Chlár an Rialtais 2011-2016.
Ar Lean »
Tá tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga ag tráth a bhfuil súil le hathbhreithniú ar an reachtaíocht sin mar chuid de chlár an Rialtais. Cothrom an ama seo cúig bliana ó shin a tháinig forálacha an Achta i bhfeidhm go hiomlán.
Ar Lean »
Tá sé i gceist ag an ESB an dara scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Ar Lean »
Tá sé i gceist ag Údaráis Áitiúla Chill Dara Scéím na Gaeilge a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Ácht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Ar Lean »
Tá léiriú neamhbhalbh tugtha i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar na fadhbanna atá roimh an rialtas nua má tá fonn orthu a chlár oibre don Ghaeilge a chur i gcrích.
Ar Lean »
Tá scéim teanga úr seolta go hoifigiúil anois ag Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.
Ar Lean »
This is just pathetic N.Ireland at its ‘point scoring’ best.
Ar Lean »
Sheol an damhsóir cáiliúla ó Dhún Dealgan, Dearbhla Lennon Scéim Teanga Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan Déardaoin 10 Márta.
Ar Lean »
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i mbun seirbhís eolais nua de shíneacha tráchta leictreonacha á chur ar fáil ar bhonn píolótach ag stadanna bus áirithe mórthimpeall na cathrach faoi láthair.
Ar Lean »
Dréachtscéim á réiteach ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.
Ar Lean »
“Teip iomlán” a thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an mbeart a rinneadh 40 bliain ó shin deireadh a chur leis an riachtanas a bhí ann do státseirbhísigh inniúlacht a bheith acu sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Bhí sé ag labhairt ag an seimineár poiblí a d’eagraigh An Chomhdháil ar an 3 Feabhra.
Ar Lean »
Tá Coláiste na hOllscoile Corcaigh ag ullmhú an dara Scéim trí bliana de réir Ailt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Ar Lean »