Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde. 

 

Bainfear é seo amach go príomha trí dhualgas reachtúil a chur ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar  "scéim" a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist. 

Leagtar síos san Acht gur féidir leis an Aire treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chuig chomhlachtaí poiblí chun cuidiú leo dréacht-scéim teanga a ullmhú. Ina theannta sin, sonraítear roinnt forálacha ginearálta bunúsacha san Acht a mbeidh feidhm coitianta leo, mar shampla, comhfhreagras i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna, faisnéis a thabhairt don phobal i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, foilseacháin dhátheangacha de dhoiciméid thábhachtacha áirithe agus  úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Is oifig neamhspleách reachtúil í Oifig an Choimisinéara Teanga a bhfuil sé mar chúram uirthi monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil foralacha an Achta Teanga á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí.

 

D'fhoilsigh Oifig an Choimisinéara Treoirleabhar dátheangach d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Leagtar amach sa treoileabhar cearta teanga an phobail i leith an Achta agus cuirtear comhairle ar fáil do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais faoin Acht.

 


Cearta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Deimhníonn Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil na cearta seo a leanas ag an bpobal:

  • Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go gcloífidh comhlachtaí poiblí le haon rialachán a dhéantar faoin Acht seo i dtaca le húsáid na Gaeilge i gcomharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil (Alt 9(1) den Acht).
  • Tá sé de cheart ag an bpobal freagraí a fháil i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí ar chomhfhreagras tríd an bpost nó trí ríomhphost a scríobhtar sa teanga sin (Alt 9(2) den Acht).
  • Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go gcuirfidh comhlachtaí poiblí faisnéis (mar shampla cora poist) chuig an bpobal i gcoitinne nó chuig aicme den phobal i gcoitinne, tríd an bpost nó trí ríomhphost, i nGaeilge nó go dátheangach (Alt 9(3) den Acht).
  • Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfoilseoidh comhlachtaí poiblí doiciméid thábhachtacha ar leith, atá deimhnithe sa reachtaíocht, go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc, aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí, aon tuarascáil bhliantúil, aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais, agus ráitis straitéise áirithe (Alt 10 den Acht). 
  • Tá sé de cheart ag duine aon ghnó a bheadh aige nó aici os comhair Thithe an Oireachtais nó os comhair coistí, fochoistí agus/nó comhchoistí de chuid an Oireachtais a dhéanamh trí Ghaeilge (Alt 6 den Acht). 
  • Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfoilseofar gach Acht den Oireachtas a achtaíodh ó mhí Iúil 2006 go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla a luaithe agus is féidir tar éis a achtaithe (Alt 7 den Acht).
  • Tá sé de cheart ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt nó i ngnóthaí cúirteanna (Alt 8 den Acht).
  • Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith in ann leas a bhaint as gach seirbhís trí Ghaeilge atá comhaontaithe i scéim teanga ag comhlachtaí poiblí. San áireamh anseo tá na forálacha i scéimeanna ar leith a bhaineann le ceantair Ghaeltachta.
  • Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí uathu sa chás ina gcreidtear go bhfuil teipthe ar chomhlachtaí poiblí a ndualgais a chomhlíonadh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, faoi aon rialachán atá déanta faoin Acht agus/nó faoi aon scéim atá daingnithe le comhlachtaí poiblí faoin Acht. Tá sé de cheart ag an bpobal freisin a bheith ag súil go bhfiosróidh an Coimisinéir Teanga aon ghearán bailí ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d’aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á comhlíonadh. 
  • Tá sé de cheart ag an bpobal a bheith ag súil go bhfaighidh siad comhairle ó Oifig an Choimisinéara Teanga maidir lena gcearta teanga faoin Acht (Alt 21 den Acht).

 

Scéimeanna Teanga

Is iad na sceimeanna teanga na príomh-uirlís atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cur le réimese agus caighdeán na seirbhíse Gaeilge ó chomhlachtaí poiblí

 

Tá sé mar sprioc leis an scéim teanga líon agus caighdeán na seirbhís Gaeilge atá ar fáil ó chomhlacht poiblí a mhéadú don phobal thar tréimhse ama. Tá feidhm reachtúil le gealltanais na scéimeanna teanga nuair a dhaingníonn an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an scéim agus tá dualgas ar an gcomhlacht poiblí iad a chur i bhfeidhm.

Déantar cur síos i Scéim Teanga ar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a sholáthar;

trí Ghaeilge amháin,
trí Bhéarla amháin, nó,
go dátheangach, agus,

na céimeanna a bheartaíonn an comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go gcuirfear ar fáil trí Ghaeilge na seirbhísí sin nach bhfuil á soláthar trí Ghaeilge. Maireann tréimhse na scéime ar feadh trí bliana.

 
Tá os cionn 160 Scéim Teanga i bhfeidhm anois agus beidh comhlachtaí poiblí eile ag ullmhú scéimeanna a de réir a chéile.   Anuas ar sin tá comhlachaí Stáit áirithe ag ullmhú dara scéimeanna faoin Acht. Ciallaíonn sé sin go bhfuil  tréimhse na chéad scéime thart agus de réir Alt 15 den Acht caithfidh an comhlacht poiblí scéim nua a chur i dtoll a chéile agus a aontú leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Tá liosta de na scéimeanna teanga atá aontaithe ag comhlachtaí poiblí leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisinéara Teanga.

 

Is oifig reachtúil neamhspleách í Oifig an Choimisinéara a fheidhmíonn ina seirbhís ombudsman agus mar áisíneacht géilliúlachta. Léirigh imscrúdú de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga gur sárú é ar alt 18(1) den Acht Teanga nuair nach raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil a bhí geallta go sonrach i scéim teanga ag comhlacht poiblí.

 

Mar chuid den bpróiseas caithfidh na Comhlachtaí Poiblí dul i gcomhairle leis an bpobal i gcoitinne agus aighneachtaí á lorg acu.  Ní mór do chomhlachtaí poiblí fógra a fhoilsiú ag léiriú go bhfuil sé ar intinn acu dréacht-scéim a ullmhú nuair a iarann an Aire ar an gcomhlacht poiblí scéim a ullmhú. Nuair a bhíonn comhlacht poiblí ag ullmhú scéime fógraítear ar www.gaelport.com é  agus sna meáin. Is féidir le haon saoránach aighneacht a scríobh agus a chur ag an gcomhlacht poiblí roimh an spriocdháta cuí.

 

Aighneacht

Fáiltíonn an Chomhdháil roimh an deis tuairimí agus moltaí maidir leis na bealaí gur féidir le comhlachtaí poiblí an Ghaeilge a chur chun cinn a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí poiblí atá ag ullmhú dréacht-scéim. Déanann an Chomhdháil amhlaidh trí aighneacht a ullmhú agus a sheoladh a thógann na sainseirbhísí atá á sholáthar don phobal ag na comhlachtaí poiblí faoi seach san áireamh.

 
Déanann an Chomhdháil anailís ar réimse oibre an chomhlachta poiblí sular gcuirtear aighneachtaí ar aghaidh chuig an gcomhlacht i gceist. Má tá bearna faoi leith sna seirbhísí Ghaeilge a sholáthraítear  is fearr moltaí a chur ag aghaidh ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge nó aighneacht a sheoladh chuig an gcomhlacht poiblí atá ag ullmhú scéime.

 

Díríonn aighneachtaí na Comhdhála ar na cinnteidil seo leanas:

 

  • Cumas Dátheangaigh Reatha an chomhlachta poiblí
  • Tairiscint ghníomhach agus cothú éilimh
  • Polasaí Earcaíochta agus Socrúcháin an chomhlachta poiblí - Im-fhálú ar phoist
  • Rochtain ar cháipéisíocht / foirmeacha iarratais
  • Comharthaíocht agus feiceálacht na Gaeilge ar an láthair oibre
  • Cruinnithe Poiblí
  • Riachtanais teanga sa Ghaeltacht
  • Láithreán Gréasáin
  • Córas Measúnaithe ar bhaint amach na spriocanna sa scéim
  • Monatóireacht agus tuairisciú ar dhul chun cinn
  • Poiblíocht ar an Scéim Comhaontaithe.

 

Is féidir aighneacht na Comhdhála a sheoladh chuig An Príomh Oifig Staidrimh a fháil anseo. Is féidir aighneacht ilchineálach a fháil anseo agus do mholtaí a chur leis chun seoladh chuig comhlacht poiblí atá ag ullmhú scéim teanga.

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214