Polasaí Aisíocaíochta

Má fhaigheann tú táirgí damáiste nó má tá an táirge mícheart seolta amach chugat, tá sé de cheart agat é a sheoladh ar ais. Sa chás seo seol nóta, le do thoil, ag míniú na faidhbe leis an táirge.

Má tharlaíonn sé go gcaithfidh tú an táirge a sheoladh ar ais chugainn mar gheall ar bhotún a rinneamar, tabharfaimid aisíocaíocht duit le haghaidh an chostais postais.

Ach má sheolann tú táirge ar ais toisc nach bhfuil sé ag teastáil uait a thuilleadh ní chuirfear aon aisíocaíocht ar fáil duit.

Tréimhse Shuaimhnithe
De réir an dlí, tá sé de cheart ag custaiméirí an Aontais Eorpaigh tarraingt siar ó cheannachán earra laistigh de 7 lá oibre ón lá i ndiaidh dáta seachadta an earra.

Chun do cheannachán a chur ar ceal laistigh den tréimhse shuaimhnithe 7 lae oibre, cuir ar ais chugainn iad ionas go bhfaighimid iad laisitigh de 7 lá oibre ón lá i ndiaidh dáta seachadta an earra.

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait faoi seo déan teagmháil linn ag eolas@gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214