Is córas pátrúnachta náisiúnta é An Foras Pátrúnachta a bunaíodh sa bhliain 1993. Bunaíodh é chun go mbeadh rogha eile pátrúnachta ag gaelscoileanna nua a bheadh ag oscailt sna blianta atá le teacht. Tá an Foras aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar chóras pátrúnachta agus tá sé inghlactha agus oiriúnach do scoileanna lánGhaeilge ag an mbun agus ag an dara leibhéal. Is comhlacht teoranta gan scairchaipitil atá mar struchtúr ag an bhForas. Is córas daonlathach atá ann agus tá Bunracht dá chuid féin aige.
Ceann de na buanna atá ag an bhForas Pátrúnachta ná go bhfuil an córas pátrúnachta seo oscailte do scoileanna de gach saghas aicme creidimh agus do scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheacha. Bua eile ná go neartaíonn sé gluaiseacht na scoileanna lánGhaeilge go mór, sa mhéid is gur eagras náisiúnta é.
Tá fás ag teacht ar líon na scoileanna faoin bhForas Pátrúnachta i gcónaí. Tá 59 scoil ag an mbunleibhéal agus 3 scoil ag an dara leibhéal faoinár bpátrúnacht faoi láthair.
An Fhís:
Oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír.
Ráiteas MisinBeidh an Foras Pátrúnachta lárnach i gcur chun cinn an Oideachais lán-Ghaeilge. Déanfaidh an Foras Pátrúnachta freastal éifeachtach, gairmiúil cuimsitheach ar na scoileanna faoinár gcúram ag an gcéad agus an dara leibhéal.
Ard Rúnaí: Caoimhín Ó hEaghra
Seoladh: An Foras Pátrúnachta
Bloc K3, Campas Gnó Mhaigh Nuad
Maigh Nuad
Co. Chill Dara
Fón: 01-629 4110
Ríomhphost: eolas@foras.ie
www.foras.ie
An Foras Patrúnacha ar Facebook anseo.