Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ionadaíoch ar 24 balleagraíocht, ó mhór-réimsí uile na hearnála, agus tá ionadaí ó gach balleagraíocht mar chomhalta ar Bhord na Comhdhála.
|
An Cumann Scoildrámaíochta |
|
An Réalt |
|
Coláiste na bhFiann Teo |
Comhaltas Uladh Is é Comhaltas Uladh Dáil Chúige de chuid Chonradh na Gaeilge |
Comhar na Múinteoirí Gaeilge Tacaíonn Comhar na Múinteoirí Gaeilge le múinteoirí uile na tíre atá ag múineadh Gaeilge nó ag múineadh trí Ghaeilge. |
Comharchumann Íde Naofa Teo Oibríonn an Comharchumann le heagrais Ghaeilge eile chun gach gné de chultúr gaelach na hÉireann a bhuanú. |
|
CONCOS |
|
Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta |
Comhluadar Tugann Comhluadar tacaíocht do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid paistí. |
Conradh na Gaeilge Saothraíonn an Conradh ar son na teanga ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. |
Cumann na Sagart Déanann Cumann na Sagart áiseanna a sholáthar don chléir chun freastal ar phobal na Gaeilge. |
|
Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta |
Feachtas Eagras daonlathach, neamhspléach is ea Feachtas a fhreastlaíonn ar an aoisghrúpa 8-18. Is iad an dá phríomaidhm atá ag Feachtas ná; cur chun cinn na Gaeilge agus forbairt phearsanta agus shóisialta an duine óig. |
An Foras Pátrúnachta Is pátrúnacht náisiúnta é An Foras Pátrúnachta do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal. |
Gaelachas Teo Cabhraíonn Gaedhealachas Teo le hathbheochan na Gaeilge mar theanga labhartha agus scríofa. |
Gael Linn Fondúireacht náisiúnta í Gael Linn a bhfuil mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge agus oidhreacht dhúchas na hÉireann a neartú agus a leathadh. |
Gaelscoileanna Eagraíocht dheonach náisiúnta chun cúnamh agus tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge. |
Gael-Taca Eagraíocht a chuireann an Ghaeilge os comhair agus i measc phobal Chorcaí mar theanga bheo. |
Na Naíonraí Gaelacha Oibríonn an grúpa chun gréasán de naíonraí a bhunú ar fud na tíre. |
Ógras Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 le deis a thabhairt do dhaoine óga teacht le chéile mar chlubanna a bheadh ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. |
Oireachtas na Gaeilge An féile náisiúnta ag pobal na Gaeilge ar a mbíonn caidreamh agus siamsaíocht chomh maith le deis machnaimh, díospóireachta agus taispeántais. |
Parlaimint na mBan Foram trí Ghaeilge do mhná a aithníonn ról na mban maidir le teanga agus cultúr na Gaeilge. |
Pobal an Aifrinn Grúpa Caitliceach a eagraíonn searmanais spioradálta trí Ghaeilge i rith na bliana. |
Spleodar Eagras do dhéagóirí agus do dhaoine óga a mhúineann Gaeilge ar chúrsaí i nGaeltacht Chonamara. |