Buntáiste Breise na Gaeilge - Camchuairt 2012!
Beidh an seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge” á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr.
Beifear ag díriú ar ionaid i mBéal Átha na Sluaighe, Inis i gCo. An Chláir agus san Uaimh i gCo. na Mí ag deireadh mhí Márta.
Tar éis bhriseadh an tSamhraidh leanfaidh an chamchuairt le seimineáir i nDúrlas Éile i gCo. Thiobraid Árann, Loch Garman agus cuirfear críoch le camchuairt na bliana seo i Nás na Ríogh i gCo. Chill Dara.
Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre.
Le linn na seimineár pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.
Bíonn ionadaithe ó institiúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastáin eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge.
Tá na seimineáir á eagrú ó 2008 agus go dtí seo tá an-tóir orthu. Rinne na seimineáir seo freastal ar 123 iar-bhunscoil agus suas le 3,808 dalta scoile timpeall na tíre go dtí seo.
Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, déan teagmháil go luath le Brígíd i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780.
Camchuairt 2012
Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe 29 Feabhra 2012
Inis, Co. an Chláir - 01 Márta 2012
An Uaimh, Co. na Mí 27 Márta 2012
Dúrlas Éile, Co. Thiobraid Árann 17 Deireadh Fómhair 2012
Loch Garman 18 Deireadh Fómhair 2012
Nás na Ríogh, Co. Chill Dara 15 Samhain 2012
Nóta: Caithfidh gach scoil bheith cláraithe sula bhfreastalaítear ar na seimineáir seo
Tá tuilleadh eolais ar sheimineáir blianta eile ar fáil ar na nascanna thíos:
Buntaiste Breise na Gaeilge - Port Láirge, 23 Samhain 2011
Buntaiste Breise na Gaeilge - Luimneach 22 Samhain 2011
Buntáiste Breise na Gaeilge - Béal Feirtse, 17 samhain 2011
Buntáiste Breise na Gaeilge - Carraig Mhachaire Rois, 12 Deireadh Fómhair 2011
Buntáiste Breise na Gaeilge - Cora Droim Rúisc, 11 Deireadh Fómhair 2011
Buntáiste Breise na Gaeilge - Ceatharlach, 24 Márta 2011
Buntáiste Breise na Gaeilge, Tullamore Court, 18 Samhain 2010
Buntáiste Breise na Gaeilge, Baile Átha Cliath, 04 Samhain 2010
Buntáiste Breise na Gaeilge - Leitir Ceanainn, 14 Deireadh Fómhair 2010
Buntáiste Breise na Gaeilge, Béal Feirste, 07 Deireadh Fómhair 2010
Buntáiste Breise na Gaeilge, Cill Airne - 06 Bealtaine 2010
Buntáiste Breise na Gaeilge - 26 Feabhra - Bóthar na Trá, Gaillimh.pdf
Buntáiste Breise na Gaeilge, Caisleán an Bharraigh, 21 Eanáir 2010
Buntáiste Breise na Gaeilge, Corcaigh - Deireadh Fómhair 2009.pdf
Buntáiste Breise na Gaeilge, Baile Átha Cliath - Nollaig 2008.pdf