Is é an príomhchuspóir atá ag an gComdháil:
Bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú, le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann.
Is é feidhm don Chomdháil na heagraíochtaí Gaeilge agus cairde eile na teanga a thabhairt le chéile ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheochan.
Glacadh le leasuithe ar Bhunreacht Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag cruinniú na Comhdhála ar Dé Céadaoin 15 Márta 2006. Is féidir cóip de Bhunreacht Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a íoslódáil ag an nasc thíos: