Tá suim faoi leith ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Seolann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge aighneachtaí chuig Comhlachtaí Poiblí atá ag cur scéim teanga le chéile ag moladh na bealaí gur féidir leo an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn.
Céard é Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003?
Tá stádas na Gaeilge leagtha amach i mBunreacht na hÉireann. Deir Airteagal 8 den Bhunreacht:
1. ‘Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomh-theanga oifigiúil í.
2. Glactar leis an Sacs-Bhéarla mar theanga oifigiúil eile.
3. Ach féadfar socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga sin a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.’
Ar an 14 Iúil 2003 shínigh an tUachtarán Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí agus tugadh forálacha an Achta i bhfeidhm de réir a chéile thar tréimhse trí bliana. Ba é seo an chéad uair a cuireadh bunús reachtúil le soláthar seirbhísí an státchórais go ginearálta trí mheán na Gaeilge.
Céard é aidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003?
Is é príomhaidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla a chinntiú go mbeidh caghdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal níos airde, ar bhealach eagraithe, thar tréimhse ama.
Cad iad na scéimeanna teanga?
Tugann na scéimeanna gealltanais reachtúla i leith na socruithe faoina bhforbraíonn comhlachtaí poiblí a gcuid seirbhisí trí mheán na Gaeilge ar bhealach céimnithe.
Ba chóir go mbeadh na nithe seo a leanas clúdaithe i ngach scéim
Is féidir cóip de scéim teanga na Roinne Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta a léamh anseo.
Cé hiad na Comhlachtaí Poiblí?
Is iad na Comhlachtaí Poiblí ná; na ranna rialtais, oifigí agus gníomhaireachtaí eile stáit atá sonraithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla arna leasú ag aon lonstraim Reachtúil chuí.
Cár féidir liom cóip d’Acht na dTeangach Oifigiúla 2003 a fháil?
Is féidir cóip den Acht a fháil anseo.
An féidr an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna?
Is féidr. Faoi Alt 8 is féidir an Ghaeilge a úsáid agus éisteacht a fháil trí Ghaeilge sna cúirteanna.
Cad é agus cén ról atá ag an gCoimisinéir Teanga?
Is í Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga. Is iad cuid de na dualgas atá ag an gCoimisinéir Teanga ná, monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí agus gach beart riachtanach a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh Comhlachtaí Poiblí a ndualgais faoin Acht. Is féidir tuilleadh eolas a fháil faoin gCoimisinéir Teanga ar shuíomh idirlín an Choimisinéara.
Cár féir liom tuilleadh eolais a fháil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003?
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Acht ó:
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
46 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2.
Teil: (01) 6794780
Faics: (01) 6790214
Ríomhphost: eoals@gaelport.com
An Coimisinéir Teanga
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Teil: (091) 504006
Faics: (091) 504036
Ríomhphost: eolas@coimisineir.ie
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
Dún Aimhirgin
43/49 Bóthar Mespil
Baile Átha Cliah 4.
Teil (01) 647 3000
Faics: (01) 647 3051
Ríomhphost: eolas@pobail.ie
Tá sé fógartha ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge inniu go ndéanfaidh Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tUasal Dónall Ó Braonáin, Tóstal na Gaeilge 2012 a oscailt go hoifigiúil Dé Sathairn seo chugainn.
Ar Lean »
Tá faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a chéad Scéim Ghaeilge a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhaidhm an Achta cinntiú go mbeidh fáil níos fearr ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus iad a bheith ar chaighdeán níos airde.
Ar Lean »
Tionólfar Tóstal na Gaeilge 2012 Dé Sathairn, 14 Eanáir 2012, in Óstán an Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2. Is comhdháil débhliantúil atá sa Tóstal ag a mbailíonn pobail Ghaeilge na tíre agus cairde na teanga lena chéile chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge.
Ar Lean »
Dréachtscéim á hullmhú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
Ar Lean »
Tá Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta i mbun comharliúcháin maidir lena mbeartas Gaeilge. Is mian leis an gComhairle Ceantair tuairimí réimse leathan daoine a fháil lena chinntiú go bhfuil an beartas praiticiúil agus cuiditheach.
Ar Lean »
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag dréachtadh a dara scéim de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Ar Lean »
Faoi fhorálacha Chuid 5 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé i gceist ag an gCoimisiún Logainmneacha comhairle a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, TD, ordú logainmneacha a dhéanamh chun leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Chontae Chorcaí (seachas na ceantair Ghaeltachta) a dhearbhú.
Ar Lean »
Tá Plean Stratéiseach Trí Bhliana nua á ullmhú ag an Seirbhís Chúirteanna le chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais i mí na Samhna 2011.
Ar Lean »
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu i dtaca le hAthbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tagann an t-athbhreithniú ar an Acht seo leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí i gcoitinne, agus tá sé mar mhír ar Chlár an Rialtais 2011-2016.
Ar Lean »
Tá tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga ag tráth a bhfuil súil le hathbhreithniú ar an reachtaíocht sin mar chuid de chlár an Rialtais. Cothrom an ama seo cúig bliana ó shin a tháinig forálacha an Achta i bhfeidhm go hiomlán.
Ar Lean »
Tá sé i gceist ag an ESB an dara scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Ar Lean »
Tá sé i gceist ag Údaráis Áitiúla Chill Dara Scéím na Gaeilge a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Ácht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Ar Lean »
Tá léiriú neamhbhalbh tugtha i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar na fadhbanna atá roimh an rialtas nua má tá fonn orthu a chlár oibre don Ghaeilge a chur i gcrích.
Ar Lean »
Tá scéim teanga úr seolta go hoifigiúil anois ag Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.
Ar Lean »
This is just pathetic N.Ireland at its ‘point scoring’ best.
Ar Lean »
Sheol an damhsóir cáiliúla ó Dhún Dealgan, Dearbhla Lennon Scéim Teanga Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan Déardaoin 10 Márta.
Ar Lean »
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i mbun seirbhís eolais nua de shíneacha tráchta leictreonacha á chur ar fáil ar bhonn píolótach ag stadanna bus áirithe mórthimpeall na cathrach faoi láthair.
Ar Lean »
Dréachtscéim á réiteach ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.
Ar Lean »
“Teip iomlán” a thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an mbeart a rinneadh 40 bliain ó shin deireadh a chur leis an riachtanas a bhí ann do státseirbhísigh inniúlacht a bheith acu sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Bhí sé ag labhairt ag an seimineár poiblí a d’eagraigh An Chomhdháil ar an 3 Feabhra.
Ar Lean »
Tá Coláiste na hOllscoile Corcaigh ag ullmhú an dara Scéim trí bliana de réir Ailt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Ar Lean »