Is seirbhís eolais do chraoltóirí raidió í Cogar. Tá Cogar dírithe ar chraoltóirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn ar an raidió. Is é atá mar sprioc ag Cogar ná tacaíocht a thabhairt do chraoltóirí trí scéalta nuachta ó shaol na Gaeilge a chur ar fáil dóibh chomh maith le sonraí teagmhála na ndaoine atá i lár an aonaigh.
Is comhthionscnamh idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Údarás Craolacháin na hÉireann í Cogar. Tá forbairt suntasach tagtha ar Cogar, an tseirbhís eolais dátheangach do chraoltóirí raidió le tamall anuas agus í ag claochlú ó nuachtlitir leictreonach mhíosúil, a foilsíodh ar dtús i 2007 go seirbhís eolais cuimsitheach atá mar áis líonraithe do chraoltóirí raidió anois.
Seoladh láithreán gréasáin na seirbhíse i 2009 ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn. Déantar nuashonrú ar scéalta nuachta agus fógraí poiblí a bhaineann le hearnáil na craoltóireachta ar an suíomh agus tá fáil ar an nuachtlitir leictreonach a fhoilsítear gach aon mhí ar an láithreán gréasáin chomh maith.
Tá Cogar ar Facebook anois! Déan teagmháil linn mar gheall ar chláir agus sraitheanna raidió. Scaip an scéal faoi do chlár raidió agus na hiarrachtaí atá ar bun ag an stáisiún raidió an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an lucht éisteachta!
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin seirbhís téigh go www.cogar.ie nó is féidir teagmháil a dhéanamh le Niamh Ní Shúilleabháin i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge : niamh@gaelport.com nó cuir glaoch ar ar an oifig: +353 (0)1 6794780.
Tá cuid de na nuachtlitreacha a foilsíodh le cúpla mí anuas ar fáil thíos ach tá fáil ar an gcartlann iomlán ar an suíomh gréasáin www.cogar.ie. Téigh chuig Cogar.ie chun an eagrán is déanaí a léamh!
An Ghaeilge ar an raidió-is aoibhinn liom í!
26: Cogar - Ruaille Buaille faoi Rí Rá! (05 Aug, '09)
25: Cogar - An Nuachtlitir leictreonach do chraoltóirí Raidió! (07 Jul, '09)