Skip to main content

Gaelport - Leathnach Baile

Comhaltas Uladh

Comhaltas Uladh Dáil Chúige de Chonradh na Gaeilge.

Bunaíodh an eagraíocht i 1926 le hobair an Chonartha a riaradh ar fud Chúige Uladh móide Chontae Lú. 

Is é a phríomhchuspóir an Ghaeilge a chur á labhairt mar ghnáth-theanga ar fud Chúige Uladh.

Eagraíonn Comhaltas Uladh craobhacha, feiseanna, comórtais i labhairt na Gaeilge i measc daltaí scoile den chéad agus den dara leibhéal. 

Déanann sé comhoibriú le hollscoileanna an tuaiscirt agus leis na coláistí oiliúna freisin.  Foilsíonn sé An tUltach, míosachán Gaeilge, agus leabhair sheanchais, amhráin urnaithe de Ghaeilge Uladh. 

Cuidíonn sé le grúpaí drámaíochta, le naíonraí agus le scoileanna lánGhaeilge sna 10 gcontae.  Bíonn 5 Scoil Samhraidh á reáchtáil acu i nGaeltacht agus i nGalltacht an tuaiscirt agus tugann sé deontas do timpeall £45,000 gach bliain ar scoláireachtaí d'fhoghlaimeoirí Gaeilge.

Uachtarán: Niall Comer

Runaí:  Úna Ní Chriagáin

13 Taunton Ave.Béal Feirste

Ríomhphost:  co.ul@btinternet.com

Member List

Cláraigh don Nuachtlitir

Cláraigh do Sheirbhísí Eolais na Comhdhála

Ainm:
R-Phoist:

Vótáil

Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?

san obair
i gciorcal comhrá
sa bhaile
le mo chairde
ag ranganna Gaeilge
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214