Comhluadar
Bunaíodh an eagraíocht Comhluadar i 1993 le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid paistí. Tá teaghlaigh á gclárú ag Comhluadar chun grúpaí áitiúla a bhunú ar fud na tíre.
Cuireann Comhluadar tacaíocht ar fáil mar seo a leanas:
Seirbhísí eolais agus comhairleacha
Ceist agat? Comhairle nó eolas uait? Beimid in ann freagraí a thabhairt duit agus ár dtaithí a roinnt leat nó tú a threorú i dtreo na foinse eolais cuí.
Teaghlaigh a chur in aithne dá chéile
Beidh deis agat aithne a chur ar dhaoine eile i do cheantar atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge freisin. Is iomaí cairdeas a bhunaítear i gComhluadar - cairdeas idir tuismitheoirí agus idir paistí.
Ócáidí sóisialta agus oideachasúla
I rith na bliana, tugtar cuireadh do thuismitheoirí agus do phaistí teacht le cheile ag réimse leathan ócáidí - m.sh. cóisirí, ceardlanna, imeachtaí, turais, taispeántais, srl. Tá Gliondar orainn go mbíonn Gaeilge líofa ag Daidí na Nollag!
Seirbhísí trí Ghaeilge a éileamh
Guth aontaithe sinn ar mhaithe le cearta teaghlaigh Ghaeilge i gcás seirbhísí riachtanacha poiblí, m.sh. síceolaithe le Gaeilge, srl.
Más spéis leat clárú linn nó tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil linn ag: www.comhluadar.ie
Sráid Lombard Thoir,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: 01-67151167
Ríomhphost: eolas@comhluadar.ie
Cláraigh don Nuachtlitir
Vótáil
Céard é an áit is minicí ina labhraíonn tú Gaeilge?