Cláraigh don Nuachtlitir

 
 


 

Comórtas Uí Néill 2010

Le dhá bhliain anuas reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comórtas filíochta le linn Cuairt na bhFilí Albanacha ar Éireann agus ní haon eisceacht  í 2010. 

Tá Comórtas Uí Néill 2010 dúnta anois ach beidh an comórtas á reachtail arís i 2011 mar chuid den fhéile Cuairt na bhFilí Albanacha. 

Is comórtas dátheangach é seo áit ar féidir le hiarratasóirí dán scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gaeilge na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chuir ar fáil chomh maith.
Níl aon chostas ag baint leis an gcomórtas seo ná níl aon srian ar na dánta ó thaobh téama de ach oiread.

Bhí príomhdhuais €500 á thairiscint don bhuaiteoir arís i mbliana agus foilseofar é ar an irisleabhar Comhar, Gaelport.com agus sa nuachtlitir Eolas. 

Roghnaíodh buaiteoir 2010 ar an Aoine 23 Aibreán  ag oíche mhór an chomórtais ag Cois Teallaigh i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Is iad seo a leanas na dánta a bhain amach an gearrliosta i mbliana:

Agallamh na nÓgánach – Tadhg Ó Dúshláine
An t-Eilean Siar – Rody Gorman
Bróga – Proinsias Mac a’Bhaird
Craobhlasair – Caitríona Ní Chleircín
Eireannaich – Aonghas Mac Neacail
Facal an Duin’ Òig - Teàrlach Quinnell
Maireann Iarúsailéim - Pádraig Mac Fhearghusa
Melusina – Labhrás Ó Finneadha

Tá fáil ar an dán buacach 'Bróga' scríofa ag an bhfile Proinsias Mac a'Bhaird anseo

Má tá aon cheist agat i dtaobh Thuras na bhFilí, is féidir teagmháil a dhéanamh le Síle Ní Chatháin ag 01 6794780 nó ag sile@comhdhail.ie

 

@Gaelport - Beo ar Twitter:

© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214