I mbliana beifear ag ceiliúradh Bliain Chruthaitheach na hAlban 2012 agus beidh Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill á eagrú mar ócáid lárnach le linn Thuras na bhFilí Albanacha don cheathrú bliain as a chéile in 2012. Tá iarratais á nglacadh faoi láthair don mhórchomórtas Ceilteach seo.
Tá an comórtas anois oscailte le haghaidh iarratais agus is é 16 Márta 2012 an spriocdháta d’iontrálacha. Féadfaí íoslódáil a dhéanamh ar fhoirm iarratais PDF anseo agus leagan Word anseo.
Is comórtas dátheangach é seo, áit ar féidir le hiarratasóirí dánta scríofa i nGaeilge na hÉireann nó Gàidhlig na hAlban a sheoladh isteach ach aistriúchán Béarla a chur ar fáil chomh maith. Ní ghlacfar le níos mó ná trí iarratas ó gach iarratasóir. Ní mór rialacha an chomórtais a bheith léite go maith roimh ré chomh maith.
Téama oscailte atá i gceist i mbliana agus ní ghearrfar costas ar iontrála.
Roghnófar gearrliosta d’ochtar, as a mbeidh buaiteoir amháin ainmnithe ag oíche mhór fhilíochta agus ceoil ar Déardaoin, 12 Aibreán in ionad Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 2. Bronnfar duais €500 ar bhuaiteoir an chomórtais.
Le haghaidh tuilleadh eolais is féidir dul i dteagmháil le Sibéal Davitt ag sdavitt@comhdhail.ie nó glaoch ar 01-6794780.
Is féidir teacht ar liosta de bhuaiteoirí Chomórtas Uí Néill tríd an nasc seo.
Tá leabhrán ó chomórtas 2011 ar fáil anseo.