Comhchoiste comhordaithe do na coláistí samhraidh idir Gaeltacht agus na cheithre chúige is ea CONCOS.
Gach bliain, foilsíonn agus scaipeann CONCOS bróisiúr ginéarálta a thugann buneolas don phobal faoi 48 coláiste Gaeilge atá cláraithe leis an gComhchoiste. Tá na coláistí formheasta ag an Roinn Oideachas agus Scileanna agus an
Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Tá CONCOS gníomhach i gcur chun cinn an teanga, cúrsaí do dhéagóirí agus oideachas.
Freastalaíonn ballcholáistí CONCOS ar bhreis is 28,000 foghlaimeoir Gaeilge ar choláistí samhraidh gach bliain. Bíonn taitneamh le baint ag na scoláirí as a bheith ag foghlaim Gaeilge agus faoi a gcuid oidhreacht ar na cursaí.
Bíonn imeachtaí éagsúla ar gach cúrsa a fheileann do chuile dhuine. Déanann CONCOS plé thar ceann na mballcholáistí leis an Roinn Oideachais, leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta & Oileán agus le ranna stáit, le heagrais agus le comhlachtaí eile, mar is cuí.
Seoladh: Áras na nGael
45 Sráid an Dáma
Cathair na Gaillimhe
Ríomhphost: eolas@concos.ie
URL: www.concos.ie /
www.irishsummercolleges.com