Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge a shaothraíonn ar son na teanga ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann. Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893 tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.
Tá 200 craobh ag an gConradh sa phobal agus bíonn baill na gcraobhacha sin ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. Tacaíonn cúig thogra de chuid an Chonartha - i Luimneach, Maigh Eo, Baile Locha Riach, Inis agus cathair na Gaillimhe - go háirithe le hobair agus le forbairt na gcraobhacha áitiúla, agus cuireann an Ard-Oifig i mBaile Átha Cliath tacaíocht lárnach ar fáil do mhuintir uile na heagraíochta freisin, baill aonair agus baill chraoibhe araon.
Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais náisiúnta chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú i gcónaí leis agus baineann obair an Chonartha le gach gné den tsaol.
Tagann An Coimisiún le Rincí Gaelacha; An tOireachtas (féile náisiúnta na Gaeilge); Ógras (ógeagraíocht an Chonartha); agus Seachtain na Gaeilge (mórfhéile idirnáisiúnta na Gaeilge) faoi scáth an Chonartha chomh maith agus oibríonn na foirne go dlúth i gcomhar lena chéile leis an Gaeilge a chur chun cinn sna ceithre hairde fud fad na cruinne.
Tá árais ag an gConradh i measc an phobail sna háiteanna seo a leanas: An tAonach, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Dún Dealgan, agus Luimneach. Stiúrann Craobh na Gaillimhe An Bradán Feasa, ionad eolais do phobal na Gaeilge in Uimhir 45 Sráid Dominic. Tá club sóisialta darb ainm Club Árus na nGael san ionad i nGaillimh freisin agus is áit chruinnithe do phobal Gaeilge na cathrach é Club Chonradh na Gaeilge sa Cheannáras in Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath chomh maith.
Tá Siopa Leabhar rathúil ag feidhmiú i gCeannáras an Chonartha sa bhreis air sin agus foilsíonn Clódhanna Teoranta, comhlacht foilsitheoireachta an Chonartha, réimse leabhair Ghaeilge agus an iris mhíosúil Feasta.
Uachtarán: Donnchadh Ó hAodha
Ardrúnaí: Julian de Spáinn
6 Sráid Fhearchair,
Baile Átha Claith 2
Teil: (01) 4757401
Faics: (01) 4757844
Ríomhphost: eolas@cnag.ie
www.cnag.ie