Cláraigh don Nuachtlitir

 
 


 

Cuairt na bhFili Albanacha 2010

Cuairt na bhFilí Albanacha 2010

Beidh ócáid mhór á cheiliúradh i mbliana le linn an fhéile chultúrtha Cuairt na bhFilí Albanacha nuair a bheidh an féile ag ceiliúradh dhá scór bliain ar an bhfód.
Tá an dá thír i ndiaidh blaiseadh a fháil de na healaíontóirí is iomráití idir amhránaithe, filí agus ceoltóirí  ón dá thír sa chlár malartaithe cultúrtha seo thar na blianta, agus an mhí seo  beidh mórcheiliúradh á dhéanamh ar an oidhreacht sin agus ar ndóigh ar an bhfilíocht, nuair a cuirfear tús leis an turas i gCathair Chorcaí ar an 19 Aibreán.

I mbliana beidh grúpa Albanaigh ag tabhairt cuairt ar dheisceart na tíre ar feadh cúpla lá sula gcuirfidh siad críoch mhór leis an turas i mBaile Átha Cliath áit mbeidh ceiliúradh á dhéanamh ar an daichead bliana oibre atá déanta ag na healaíontóirí ag cothú an nasc idir an dá thír. Is iad na filí Aonghas Pàdraig Caimbeul agus Pàdraig MacAoidh a bheidh ag dul ar chamchuairt i mbliana i dteannta Shona Masson, fidléir ón Albain agus Joy Dunlop, amhránaí iontach a bhfuil an-chuid gradaim bainte amach aici dá ceird.

Eagraíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge An Chuairt le cúnamh airgid ó Fhoras na Gaeilge.

Cuairt na bhFilí Albanacha Festival 2010 is nearly upon us again and this year the festival will be a special one as it is the 40th anniversary of the cultural exchange between Scotland and Ireland.

Down through the years many of Ireland and Scotland’s most highly regarded performers have taken part in this festival and this year, An Chuairt, which kicks off in Cork city on April 19th  and finishes in Dublin on April 23rd, will celebrate this special connection.

The Scottish group travelling to take part in the festival this year are poets Aonghas Pàdraig Caimbeul and Pàdraig MacAoidh, fiddle player Shona Masson and singer Joy Dunlop.
The group will begin their tour at the weekly poetry event Ó Bhéal’ on April 19th where they have been invited to be special guests for the evening and they will be joined by local poets on the night. This promises to be a great night of entertainment.

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge organises An Chuairt with financial assistance from Foras na Gaeilge.

Clár 2010

Dé Luain -19 Aibreán @21.00
Léamh filíochta dátheangach le hAonghas Pàdraig Caimbeul agus Pàdraig MacAoidh, eagraithe i gcomhar le ‘Ó Bhéal’.
Ceol agus amhráin le Joy Dunlop agus Shona Masson.
Ionad: The Long Valley, Sráid Winthrop, Cathair Chorcaí.

Monday -19 April @ 21.00
A bilingual poetry reading by Aonghas Pàdraig Caimbeul and Pàdraig MacAoidh in association with ‘Ó Bhéal’
Music and singing by Joy Dunlop and Shona Masson.
Venue: The Long Valley, Winthrop Street, Cork

************************************************************

Dé Máirt - 20 Aibreán @20.30

Léamh filíochta dátheangach le Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn, Aonghas Pàdraig Caimbeul agus Pàdraig MacAoidh, eagraithe i gcomhar le Comharchumann Forbartha Mhúscraí.
Ceol agus amhráin le Peadar Ó Riada, Gobnait Ní Chruadhlaoich, Joy Dunlop agus Shona Masson.
Ionad: Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne.

Tuesday - 20 April   20.30
A bilingual poetry reading by Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn, Aonghas Pàdraig Caimbeul and Pàdraig MacAoidh in association with Comharchumann Forbartha Mhúscraí.
Music and singing by Peadar Ó Riada, Gobnait Ní Chruadhlaoich, Joy Dunlop and Shona Masson.
Venue: Ionad Cultúrtha Baile Mhúirne

************************************************************

Déardaoin - 22 Aibreán @19.30

Léamh filíochta dátheangach le hAonghas Pàdraig Caimbeul, Gréagóir Ó Dúill, Pàdraig MacAoidh agus Caitríona Ní Chleircín.
Ceol agus amhráin le Brian Ó Domhnaill, Joy Dunlop agus Shona Masson.
Ionad: Toner’s, 139 Sráid Bhagóid, Baile Átha Cliath 2.

Thursday – 22 April  @ 19.30
A bilingual poetry reading by Gréagóir Ó Dúill, Aonghas Pàdraig Caimbeul, Caitríona Ní Chleircín, and Pàdraig MacAoidh
Music and singing by Brian Ó Domhnaill, Joy Dunlop and Shona Masson.
Venue: Toner’s, 139 Baggot Street, Dublin 2

************************************************************

Dé hAoine - 23 Aibreán @19.00
Ceiliúradh ar 40 bliain de mhalartú cultúrtha.
Cóisir agus oscailt oifigiúil ar thaispeántas de ghrianghraif ón bhféile thar na blianta.
Ionad: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.

Friday – 23 April @ 19.00
A celebration of 40 years of the cultural exchange
Celebration and official opening of an exhibit of photos from past festivals
Venue: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Kildare Street, Dublin 2.

******************

Dé hAoine - 23 Aibreán @20.00
Craobh cheannais de Chomórtas Uí Néill, faoi mholtóireacht Bhríd Ní Mhóráin agus Aonghas Pàdraig Caimbeul.
Léamh filíochta dátheangach le Bríd Ní Mhóráin agus Aonghas Pàdraig Caimbeul
Ionad: Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2

Friday – 23 April @ 20.00
The final of Comórtas Uí Néill: Judges Bríd Ní Mhóráin and Aonghas Pàdraig Caimbeul.
A bilingual poetry reading by Bríd Ní Mhóráin and Aonghas Pàdraig Caimbeul.
Venue: Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Kildare Street, Dublin 2.

************************************************************

Bígí linn don cheiliúradh mór!

@Gaelport - Beo ar Twitter:

© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214