Baile

Ard Dioplóma Iarchéime sna hEalaíona í Léiriú Teilifíse agus na Meáin (Leibhéal 8)

Tá an cúrsa seo á chomhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta, Nemeton agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ó 2006.

Is cúrsa lánaimseartha  é seo agus tá sé mar aidhm ag an gcúrsa na scileanna teilifíse riachtanacha a mhúineadh do mic leinn  chun go dtógfaidh siad tús áite san earnáil léirithe teilifíse agus sna meáin.

Díreofar sa chúrsa ar léiriú, eagarthóireacht, ceamaraí, stiúrú agus margaíocht agus beidh an cúrsa bunaithe ar obair phraicticiúil.  Múinfear an cúrsa trí mheán na Gaeilge.

Le breis is 20 bliana tá Nemeton tar éis a bheith ag cur cláracha d’ard chaighdeán ar fáil do TG4, BBC agus RTÉ araon mar shampla Laochra Gael, GAA Beo agus Bothar Iarainn.

Riachtanais Iontrála:

• Cáilíocht leibhéal 7 nó níos airde.
• Gaeilge ag leibhéal tuisceana agus comhrá.
•  Glacfar le hiarrataisí ó dhaoine gan na cáilíochtaí thuasluaite, ach go bhfuil taithí oibre acu sa tionscal agus an cumas cuí Gaeilge.


Breis eolais le fáil faoin gcúrsa seo ó: Nemeton Léiritheoirí Teilifíse, guthán 058 46499 / blaithín@nemeton.ie
 
Dáta deiridh do na hiarratais: 1 Meitheamh 2012

Suíomh gréasáin: www.wit.ie www.nemeton.ie

Nemeton Léiritheoirí Teilifíse agus Oiliúna 
An Rinn
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
www.nemeton.ie 
Fón:   058 46499  (00353 58 46499)
Faics: 00353 058 46208

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 4 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna cúrsaí a leanas
:

Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta)

Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (ar líne)



« Gach Cúrsa Clóigh an t-Alt Seo »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214