Baile

Cúrsa Gaeilge agus Siúlóidí Oidhreachta i gCiarraí

Bíonn Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag reáchtáil Cúrsaí Gaeilge agus Oidhreachta i  nGaeltacht Chorca Dhuibhne le blianta fada anuas.

Beidh Cúrsa Gaeilge agus Siúlóidí Oidhreachta á reáchtáil arís i mbliana ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ón 2ú-5ú Bealtaine 2014.  Beidh raidhse imeachtaí ar siúl ó ranganna Gaeilge ar maidin go siúlóidí sa tráthnóna, go cainteanna spreagúla istoíche.

‘Ceithre lá iontacha, sásúla i gCorca Dhuibhne, ag siúl sléibhte, ag breathnú ar radharcanna áille, ag foghlaim agus ag cleachtadh na Gaeilge i dteannta  mhuintir na háite - níl rud níos fearr ar domhan’ a deir Phil Fitzpatrick ó Chorcaigh.

Beidh ranganna is cainteanna ar maidin agus beidh aoichainteoir chugainn ansan roim lóin.  Tar éis lóin beidh rogha ag rannpháirtithe tabhairt faoi Chnoc Bhréanainn nó siúlóid seandálaíochta nó oidhreachta eile, Slí na nDúnta, cuir i gcás nó dul chomh fada ó bhaile le Lios Póil.’

Chomh maith le himeachtaí an chúrsa, beidh daoine ábalta blaiseadh a fháil d’Fhéile na Bealtaine a bheidh faoi lán tseoil sa Daingean le linn deireadh seachtaine na Bealtaine leis.  Beidh fáilte roimh  pobal Chorca Dhuibhne ar na siúlóidí chomh maith.

Bíonn atmaisféar cairdiúil ag baint leis na cúrsaí seo.
 
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Chaitríona Ní Chathail: 066 9156100 nó caitriona@cfcd.ie

Chun theacht ar tuilleadh eolais maidir le cúrsaí, imeachtaí, ranganna, agus deireadh seachtaine Gaeltachta de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne téigh chuig an suíomh gréasáin: www.oidhreacht.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 10 Aibreán 2014

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



« Gach Cúrsa Clóigh an t-Alt Seo »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214