Cuireann sé an-áthas ar Choláiste na bhFiann Teo. a fhógairt go bhfuil ionad nua á oscailt do chúrsa samhraidh 2014.
Beidh an chúrsa nua seo á reáchtáil in Ionad Naomh Phádraig, i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
Dátaí an chúrsa: 01- 21 Meitheamh 2014
Seo an chéad ionad atá ag Coláiste na bhFiann i gCúige Uladh agus an ceathrú ionad atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá cúrsaí á reachtail acu i Ros Muc i gCuige Connachta, Ráth Chairn agus Droim Rí i gCúige Laighin agus, Cill Airne agus Baile an Sceilg, i gCúige Mumhan.
Tá breis is 45 bliain taithí ag Coláiste na bhFiann ag reáchtáil cúrsaí samhraidh Gaeilge. Le roinnt ionaid lonnaithe timpeall na tire, eagraíonn Coláiste na bhFiann cúrsaí do dhaoine óga gur mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú i dtimpeallacht nádúrtha, spraíúil agus sábháilte.
Tá tuilleadh eolais i dtaobh cúrsaí Coláiste na bhFiann ar fáil ó:
Michelle Ní Ghialláin
Coláiste na bhFiann
Droim Rí
Co. na Mí
Fón (+3531) 825 9342 | R: michelle@colaistenabhfiann.ie
©Foilsithe ar Gaelport.com 07 Márta 2014
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge