Baile

Cúrsa ullmhúcháin don dara céim de chomórtas EPSO do dhlítheangeolaithe

Reachtalfaidh Óstaí an Rí cúrsa ullmhúcháin lae Dé Sathairn an 24 Bealtaine 2014 chun cabhrú le hiarraitheoirí na cosa a thabhairt leo sa dara céim de chomórtas reatha EPSO do dhlítheangeolaithe.

Seo thíos a bhfuil i gceist leis an dara céim sin.

Maidir leis an dara cuid den chomórtas, an chuid san ionad measúnaithe sa Bhruiséil, ní dhéanfar de scrúdú ar chumas Fraincise/Gearmáinise/srl. na n-iarrthóirí ach “(d) achoimre i dteanga an chomórtais [Gaeilge] ar théacs a scríobhadh i dteanga 3 [Fraincis/ Gearmáinis/ Iodáilis/ Spáinnis/ Polannais]”

Beidh cuid de na trialacha ag Céim 2 le déanamh trí mheán na Gaeilge, agus beidh cuid eile acu le déanamh i mBéarla:
(a)    Réasúnaíocht bhriathartha (Gaeilge)
(b)   Réasúnaíocht uimhriúil (Gaeilge)
(c)    Réasúnaíocht theibí (Gaeilge)
(d)   Achoimre ar théacs atá scríofa sa tríú teanga (go Gaeilge)
(e)   Cur i láthair ó bhéal ar inniúlachtaí sonracha (Gaeilge) Cur i láthair ó bhéal le hinniúlachtaí ginearálta a mheas (Gaeilge)
(f)     Agallamh struchtúrtha (Béarla)
(g)    Cleachtadh grúpa (Béarla)
 
Tá an fógra iomlán iniata agus ar fáil Anseo
 
09:30-12:30 Pléifear le an réasúnacht (a)-(c) i bhfoirm ceardlainne.
14:00-15:00 Pléifear leis an gcur i láthair ó bhéal, leis an agallamh struchtúrtha agus leis an gcleachtadh grúpa (e)-(g) le léachtaí agus seisiún eolais.

Ní phléifear le an achoimre go Gaeilge ar théacs atá scríofa sa tríú teanga (d).

Costas: mic léinn nó alumni Óstaí an Rí: €50 euro. Gach duine eile €100

Áirithintí: daithi.maccarthaigh@kingsinns.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 31 Márta 2014



« Gach Cúrsa Clóigh an t-Alt Seo »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214