Baile

MA / Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) (Leibhéal 9)

Is cúrsa lánaimseartha bliana é an MA/Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) atá á thairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus tá sé dírithe go speisialta ar mhic léinn atá ag iarraidh cáilíocht Mháistreachta a bhaint amach i réimse na meán agus na craoltóireachta. Beidh an cúrsa seo lonnaithe i gcroílár thionscal na craoltóireachta Gaeilge ar an gCeathrú Rua.

Le linn an chúrsa seo gheobhaidh na mic léinn oiliúint trí mheán na Gaeilge ar ghnéithe éagsúla de na meáin chumarsáide agus beidh deis acu speisialtóireacht a dhéanamh i gceann de na réimsí seo a leanas:

Gairm na Físe

Iriseoireacht Fheidhmeach

Na Meáin Dhigiteacha

Drámaíocht sna Meáin


Riachtanais iontrála:
Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar. Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go
bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa.
 

Déantar iarratais ar an gcúrsa seo ar www.pac.ie. Cód PAC: GYA93
 

Tuilleadh eolais:
An Dr Seathrún Ó Tuairisg
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.

Fón: 353 91 595101

R-phost: cursai@oegaillimh.ie

Idirlíon: www.oegaillimh.ie/acad

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 11 Bealtaine 2012

 

Seans go mbeidh suim agat sna cúrsaí a leanas:

Ard Dioplóma Iarchéime sna hEalaíona í Léiriú Teilifíse agus na Meáin (Leibhéal 8)

Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta)



« Gach Cúrsa Clóigh an t-Alt Seo »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214