Baile

Scrúduithe TEG 2014

Tá iarratais á nglacadh faoi láthair le haghaidh scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge a bheidh ar siúl go luath . 

Deimhníonn an teastas gur féidir le duine feidhmiú trí mheán na Gaeilge go líofa, spontáineach agus neamhspleách.

I measc na ndaoine gairmiúla a bhaineann teastas amach, bíonn oifigigh Ghaeilge ón earnáil phoiblí, múinteoirí bunscoile agus meánscoile, teagascóirí Gaeilge ar an tríú leibhéal, iriseoirí Gaeilge agus daoine ó ghairmeacha beatha eile.

Beidh Scrúduithe TEG 2014 ar siúl sna hionaid seo in 2014:
An Spidéal  Páras  B2   5 Aibreán 2014*
Béal Feirste Prág  B1   10 Bealtaine 2014
Caisleán an Bharraigh  Nua Eabhrac A2   24 Bealtaine 2014
Cill Airne Ottawa  A1   7 Meitheamh 2014
Cill Chainnigh
Corcaigh
Leitir Ceanainn
Luimneach
Má Nuad 

*Glactar le Leibhéal B2 mar cheann de na critéir iontrála do chúrsaí sa bhunmhúinteoireacht sna coláistí Oideachais agus Coláiste Hibernia. 

Is é an dáta deiridh d’iarratais ar scrúduithe TEG ná 14 Márta 2014.

Tá páirtchreidiúint ar fáil do dhaoine gur mhaith leo an scrúdú cainte amháin a dhéanamh.  Mar sin, beidh dhá rogha ag iarrthóirí 2014:

• Scrúdú iomlán TEG a dhéanamh agus creidiúint iomlán a fháil;
                                                                                        NÓ
• An scrúdú cainte amháin a dhéanamh agus páirtchreidiúint a fháil.

 

Beidh foireann TEG sásta scrúduithe cainte a reáchtáil ag amanna eile i rith na bliana do ghrúpaí in ionaid ar fud na tíre. Cuir glaoch ar (01) 708 6417. 

 

Is féidir teacht ar gach eolas ar www.teg.ie

©Foilsithe ar Gaelport.com 19 Feabhra 2014

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



« Gach Cúrsa Clóigh an t-Alt Seo »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214