Ba bhreá liom úsáid a bhaint as mo chuid Gaeilge: aon mholtaí?
Más easpa cleachtadh comhrá ar do chuid Gaeilge labhartha atá i gceist tá bealaí éagsúla chun feabhas a chur ar do chuid Gaeilge. Is féidir freastal ar Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, (
féach an tEolaire) nó b'fhéidir am a chaitheamh i gCiorcal Comhrá. Bíonn Ciorcal Comhrá ar siúl i rith na bliana in Áras na Comhdhála (
féach Imeachtaí). Chun taithí a fháil agus cleachtadh ar fhuaimeanna cainte agus canúintí éagsúla moltar duit éisteacht le Raidió na Gaeltachta nó Raidió na Life agus féachaint ar TG4. Is fiú na nuachtáin Gaeilge a cheannach, (Foinse agus Saol) chun tuilleadh eolais faoi saol na Gaeilge a fháil.
Chomh maith leis sin céard faoi laethantha saoire sa Ghaeltacht?
Déan teagmháil le
Gael-saoire Teil: (066) 915 2423
R-phost
info@gaelsaoire.ie
Suíomh idirlíon
www.gaelsaoire.ie.