Eolas Faoin Imeacht

Comóradh mór in omóis Mhaolra Seoighe

Comóradh mór in omóis Mhaolra Seoighe

Chonnacht
15 Nollaig 2012 - 15 Nollaig 2012

Beidh ócáid chomórtha ar siúl i gcathair na Gaillimh ar an Satharn, 15 Nollaig  2012 mar chomhartha omóis do Mhaolra Seoighe a cuireadh chun báis go héagórach 130 bliain cothrom an lae sin.

Ba fear Gaeltachta gan Bhéarla a bhí i Maolra Seoighe as Mám Trasna a ciontaíodh as a bheith páirteach i ndúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna.  Tharla an tubáistí ufásach seo i Mám Trasna congarach do loch measca i gCo. Mhaigh Eo in aice le teorann na Gaillimhe.

I mí Lúnasa 1882 dúnmharíodh John Seoighe agus a theaghlach i Mám Trasna agus cúpla mí ina dhiaidh sin ar 15 Nollaig 1882 crochadh agus cuireadh Maolra Seoighe chun báis ar láthair phríosún na Gaillimhe san áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois. Bhí bean chéile Mhaolra ag súil le páiste an tseachtain a cuireadh a fear céile chun báis agus fágadh í le páistí agus gasúir an-óg.

Ní raibh aon Ghaeilge ag an dlíodóir nó ag na h-abhcóidí a bhí á chosaint os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath. Ní raibh aon Ghaeilge ag an mbreitheamh ná ag baill an ghiúiré agus níor thóg sé ach faoi bhun sé nóiméad orthu teacht ar chinneadh go raibh sé ciontach.

Rinneadh neamhaird dá fhianaise i nGaeilge, coinníodh siar ón gcúirt fianaise a chabhródh lena chosaint agus thug brathadóirí fianaise bhréige ina aghaidh.
Beidh an ócáid chomórtha in ómóis Mhaolra Seoighe á heagrú i bpáirt le chéile ag Músaem Cathrach na Gaillimhe, Oifig an Choimisinéara Teanga agus Conradh na Gaeilge.

I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl beidh Aifreann Gaeilge i gcuimhne Mhaolra Seoighe san Ardeaglas ag 1:00i.n  ar an Satharn, 15 Nollaig.  I ndiaidh an Aifrinn déanfar bláthfhleasca á leagan ar an áit ar crochadh Maolra Seoighe agus a bhfuil sé curtha faoin tarmac sa charrchlóis in aice na hArdeaglaise i gcathair na Gailimhe.

Tar éis a 2 chlog beidh cainteanna agus siompóisiam á reáchtáil i Músaem na Cathrach thíos i bParáid na Spáinneach i lár na cathrach anuas ar sin déanfar taispeántas, léitheoireacht as sleachta stairiúla agus scannán faoi Mhám Trasna de chuid RTÉ, beidh ceol leis an boscadóir cumasach Johnny Óg Connolly as Conamara agus tá píosa ceoil speisialta cumtha ag Jonny Óg don ócáid speisialta seo. Beidh siamsaíocht ar fáil i gClub Árus na nGael in ndiaidh na n-imeachtaí sa Músaem níos déanaí sa tráthnóna.

I measc na gcainteoirí a bheidh ag labhairt ag an siompóisiam i Músaem na Cathrach beidh an staraí, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh; an Tiarna Alton ón mBreatain, arbh as Tuar Mhic Éadaigh dá mháthair; agus Johnny Joyce ó Bhaile Átha Cliath, duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh i Mám Trasna agus as ar ciontaíodh Maolra Seoighe.

Beidh an ócáid ómóis ina thaca d’fheachtas atá ar bun sa Bhreatain ag roinnt ball de Thithe na Parlaiminte ansin faoi cheannaireacht na dTiarnaí Alton agus Avebury tabhairt ar údaráis na Breataine anois féachaint athuair ar chás Mhaolra Seoighe agus a fhógairt go raibh iomrall ceartais i gceist agus gur go héagórach a ciontaíodh agus a cuireadh chun báis é.

As an ochtar a ciontaíodh as dúnmharuithe Mhám Trasna, crochadh triúr ach glactar leis go coitianta go raibh duine amháin acu sin, Maolra Seoighe, neamhchiontach. Cuireadh pian seirbhís saoil ar an gcúigear eile agus bhásaigh beirt acu i bpríosún. Tuigtear go raibh ceathrar de na príosúnaithe neamhchiontach freisin. As an triúr a mhair, scaoileadh saor beirt deartháireacha agus nia le Maolra Seoighe, nuair a bhí fiche bliain príosúin déanta acu i 1902.

De réir na staire agus na dtaifead oifigiúil, áfach, ba dhúnmharfóirí iad ar fad.

Foilsithe ar gaelport.com 29 Samhain 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy

Lean an scéal seo agus @gaelport ar Twitter: #gaeilge

le Brígíd Ní Ghríofa Gaelport.com

View Calendar »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214