Eolas Faoin Imeacht

Féile Chois Cuain 2014

Féile Chois Cuain 2014

Chonnacht
2 Bealtaine 2014 - 5 Bealtaine 2014

Beidh Féile Chois Cuain ar siúl i baile beag álainn darbh ainm Cluain Cearbhán ón 2ú-5ú Bealtaine 2014.  Tá baile Cluain Cearbhán suite ar thaobh an chósta thiar theas de Chontae Mhaigh Eo.

Tá radharc álainn ar na farraige agus áilleachta Chuan Mó agus Oileán Chliara le feiceáil amach uait agus ar le breá níl aon ait ar domhain is deise le fáil.

Tá clú agus cáil ar Fhéile Chois Cuain de bharr na seisiún bríomhar neamhfhoirmeálta a bhíonn le cloisteáil ar na sráideanna agus sna tithe tábhairne agus mar gheall ar saibhreas an chultúr atá sa gceantar.  Tá deireadh seachtaine iontach den amhránaíochta, den craic, ceol, sean-nós, damhsa agus de chuideachta gealta le linn na deireadh seachtaine.

Seo é an 20ú Féile Bhliantúil de chuid an fhéile seo atá ag dul ó neart go neart gach bliain.  Beidh neart ceardlainne ar siúl i rith na deireadh seachtaine ó damhsa, sean-nós agus uirlis éagsúla. 

Cuirfear tú le féile na blian seo ar an Aoine, 2ú Bealtaine le ceolchoirm Mol an Óige. Ceolchoirm le sárcheoltóirí óga agus is fiú go mór a bheith i láthair aige seo.
Ar an Sathairn beidh neart ceardlainne eagsúla ar siúl ar maidin mar aon le seisiún amhránaíochta sean-nóis níos déanaí sa lá le scoth na n-amhránaithe ar an sean-nós.

Beidh seisiún amhránaíochta sean-nóis sa Parochial Hall ar Satharn óna 4:15i.n go dtí 6 chlog le scoth na n-amhránaithe ar an sean-nós - Aíonna: Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Traolach Ó Conghaile, Mairéad Ní Cheallaigh, Paddy Mac Giolla Phádraig, Caitlín Ní Mhéalóid, Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta, Éamon Ó Donnchadha, Antaine Ó Faracháin, Nollaig Ní Laoire, Aodan Ó Ceallaigh, Síle Uí Mhongáin.  Bean a'Tí ag an ócáid seo: an amhránaí iomráitheach sean-nóis Máire Ní Choilm  as Mín an Iolair, Doirí Beaga i dTír Chonaill. Cead isteach €5.

 

Beidh ceolchoirm mór na Féile sa Parochial Hall oíche Dé Satharn agus beidh na daoine seo a leanas ag dul ar stáitse: Laoise Kelly, Colm O'Donnell, Maire Ní Choilm, John Regan, Angela Deane, Tara Breen, Jillian O'Malley, Muireann Banks, Edwina Guckian mar aoine le aíonna eile. Táille:€10

Beidh seisiúin cheoil agus amhránaíochta sna tithe tábhairne i rith na deireadh seachtaine

Níl anseo ach blaiseadh an-bheag de chuid de na himeachtaí ach tá clár iomlán an fhéile ar fáil ar an suíomh gréasán: www.feilechoiscuain.com

Tuilleadh eolais:
Teil: + 353 (0) 98 66276  /  087 2412511
Ríomhphost: feilechoiscuain@yahoo.com

© Foilsithe ar Gaelport.com 01 Aibreán 2014
    
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

View Calendar »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214