Eolas Faoin Imeacht

Deireadh Seachtaine Gaeltachta in Esopus

Deireadh Seachtaine Gaeltachta in Esopus

Thar Lear
9 Bealtaine 2014 - 11 Bealtaine 2014

Beidh Deireadh Seachtaine Gaeltacht ar siúl in Esopus i stát Nua-Eabhrac i Stáit Aontaithe Mheiriceá ón Aoine 9ú – Domhnach 11ú Bealtaine 2014.

Tá baile Esopus suite ar an mbruach thiar d'abhainn an Hudson agus tá cathair Kingston lonnaithe ó thuaidh uaidh.

Is iad Daltaí na Gaeilge a bhíonn ag réachtáil na himeachtaí agus ranganna Gaelacha seo ar chósta thoir na Stáit Aontaithe ar mheán rialta ó 1981.

Beidh cúrsaí Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha a reáchtáil mar chuid den Seachtain Ghaeltacht seo. Beidh cúpla cúrsa i gceist agus leibhéal difriúil ag gach cúrsa ag bráth ar do chuid cumais Gaeilge.

Beidh atmaisféar cairdiúil ag baint leis na cúrsaí seo beidh obair ranga i gceist ar feadh cúpla uair a chloig ach ansin beidh seans ag daoine páirt a glacadh in imeachtaí éagsúla ar nós ceardlainne, ceardaíocht, damhsa seit agus beidh deis spóirt a imirt chomh maith le deis comhrá ag tine chnámh níos deireanaí sa oíche.

Déanann Daltaí na Gaeilge neart imeachtaí Gaelacha agus Gaeilge a eagrú timpeall i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bíonn Deireadh Seachtaine Gaeltachta á reáchtáil acu i Montana, Los Angeles, San Francisco mar aon le ionad éagsúla sna Stáit Aontaithe 

Eagraíonn siad deireadh seachtaine Gaeilge in Kingston agus Ontario i gCeanada, Satharn Na nGael i Philadelphia, Teastas Eorpach na Gaeilge mar aon le deis an Ghaeilge a staidéar i Baile an Fheirtéaraigh i gCiarraí.

Anuas ar seo bíonn scoláireachtaí á n-ofráil acu i gcomhar leis an Coimisiúin Fulbright agus beidh deis ag an múinteoir a bhainfidh é seo amach staidéar in Éireann thuas in Oideas Gael in nGleann Cholm Cille i dTír Chonaill.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le ranganna deireadh seachtaine Gaeltachta, imeachtaí Gaeilge agus eolas maidir le costas &  lóistín a fháil ar: www.daltai.com

Sonraí teagmhála:
Daltaí na Gaeilge
279 Park Avenue
Elberon, NJ 07740-4530

T: 732-571-1890
R: daltai1@daltai.com

© Foilsithe ar Gaelport.com 09 Aibreán 2014 
     
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna

Féile Chois Cuain 2014
 
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

View Calendar »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214