Eolas Faoin Imeacht

Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna

Féile Chomórtha Joe Éinniú i gCarna

Chonnacht
2 Bealtaine 2014 - 4 Bealtaine 2014

Is ar cheantar Iorras Aithnigh a bheidh an tarraingt go luath nuair a reáchtálfar Féile Chomórtha Joe Éinniú na bliana seo i gCarna i gConamara, Co. na Gaillimhe ón 2-4 Bealtaine 2014.

Le linn na deireadh seachtaine déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Sheosamh Ó hÉanaí agus ar a chuid amhráin agus ar an stíl airithe a bhí aige ag é ag gabháil fhoinn. Bhásaigh Seosamh Ó hÉanaí nó Joe Éinniú mar ab fhearr aithne air i Seattle, i Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1984. Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, an fonnadóir sean-nóis ab fhearr le linn a linne féin.  Bhí an-mheas aige i gcónaí ar an Ghaeilge ar a dhúchais agus ar an sean-nós go dtí go bhfuair sé bás.

Bíonn neart imeachtaí éagsúla ar siúl i gceantar Charna le linn na deireadh seachtaine agus bíonn scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe bailithe ar an gceantar Gaeltacht seo le linn don fhéile.  Bíonn neart sean-nós, damhsa ar an sean-nós, céilí, ceardlann, agus comórtais éagsúla do pháistí ar siúl chomh maith.

Ar an Aoine 2ú Bealtaine déanfaidh an scríbhneoir agus an t-aisteoir aitheanta Joe Steve Ó Neachtain Féile Chomórtha Joe Éinniú  a oscailte go hoifigiúil ag 7:30i.n in Áras Shorcha Ní Ghuairim.   Ar an oíche cuimhneofar ar Tom Davis, bailitheoir Ceoil a d'éag 2013 agus tá an-oíche geallta le ceol agus siamsaíocht.

Ar an Satharn 3ú Bealtaine beidh ceardlann amhránaíocht ar an sean-nós á reáchtáil in Áras Shorcha Ní Ghuairim faoi stiúir an t-amhránaí iomráiteach Treasa Ní Cheannabháin as Ceantar Iorras Aithneach . Agus beidh an damhsóir aitheanta as Ros Muc Róisín Ní Mhainín agus an damhsóir Patricia Ní Fhátharta i bhfeighil ceardlann damhsa ar an sean nós.

Beidh Rita Gallagher i bhfeighil bailéid Bhéarla agus beidh costas €10 daoine fásta & daltaí dara leibhéal. gasúir bunscoile soar in aisce.  Idir 2:30-3.30i.n ta tráthnóna iontach de thaispeántas ceoil, amhránaíochta & damhsa ó Alba & An Iorua geallta in Áras Shorcha Ní Ghuairim.

Is in Áras Shorcha Ní Ghuairim a bheidh mórsheisiún amhránaíochta na féile idir 4:30-6:30 le fonnadóirí áitiúla agus aíonna eile i lathair.  Níos déanaí san oíche beidh Ceolchoirm mór na Féile ar siúl in Áras Shorcha Ní Ghuairim  ag 7.30i.n agus tá ticéid €20 ar díol roimh ré – lascaine do chlann.  I measc na naíonna beidh The Friel Sisters, Róisín Elsafty, Marcus Ó hIarnáin & Danny O'Mahony, Mick & Ciara O'Brien, Pádraic Ó Ceannabháin, Julie Mary Ní Dhubháin, Nóirín Ní Shúilleabháin, Rita Gallagher, Róisín Ní Mhainín, Tommie Keane & Jacqueline McCarthy, Mary Mac Millan & Linda Nic Leoid as Alba agus Hallingdal Låtelag as An Iorua.

Ag 10:30i.n beidh seisiún le neart ceol, damhsa agus amhrán i dteach tábhairne Tigh Mheaic le Don Stiff & Na hIarnáin: Marcus, Proinsias & Breandán.

Ar an Domhnach 4ú  Bealtaine cuirfear tús leis an lá le hAifreann na Féile i Séipeal Mhuire ag 11:30r.n agus tar éis an Aifrinn tabharfar cuairt ar uaigh Joe Éinniú i reilig Mhaírois agus beidh bus ag fágáil ó gheata an t-séipéil taréis an aifrinn.  Ag 2 chlog beidh comórtas amhránaíochta na nÓg in Áras Shorcha Ní Ghuairim do aois ghrúpaí: faoi 9, 12, 15, 18. Agus bronfar Corn Chuimhneachain Joe Éinniú - Faoi 15.

Níos deanaí sa tráthnóna in Óstán Chuan Charna áit beidh taispeántas ceoil agus amhránaíochta agus déanfar an Dlúthdhiosca ''the eighteen Maloney'' le David Power a sheoladh ag 10i.n beidh ceol bríomhar i gcuideachta Don Stiffe & Na hIarnáin: Marcus, Proinsias & Breandán.

Tá clár iomlán na féile ar fáil Anseo

Tá tuilleadh eolais maidir le himeachtaí le fáil ach glaoch ar Mhicheál Ó Cuaig : 095-33599 / 086-3778055 / ríomhphost : michealocuaig@hotmail.com

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 09 Aibreán 2014 
     
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

View Calendar »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214