The latest news from Gaelport.com


Bréagchúirt Uí Dhálaigh le Gael Linn

Bréagchúirt Uí Dhálaigh le Gael Linn

Beidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh le Gael Linn ar siúl i mbliana ar an Aoine, 7 Samhain 2008. Eagraíonn Gael Linn an comórtas in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh. Comórtas do mhic léinn tríú leibhéal é, ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí.  Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist agus bíonn sonraí an cháis ar


Beidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh le Gael Linn ar siúl i mbliana ar an Aoine, 7 Samhain 2008. Eagraíonn Gael Linn an comórtas in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh. Comórtas do mhic léinn tríú leibhéal é, ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí.  Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré. Ceadaítear suas le ceathrar ar gach foireann, agus ní gá do bhaill uile na foirne a bheith ina mic léinn ar an gColáiste Tríú Leibhéal céanna.  Áiritear Óstaí an Rí agus An Cumann Dlí ina gColáistí Tríú Leibhéal don chomórtas seo. Íoctar liúntas taistil agus lóistín (más cuí) leo siúd a ghlacann páirt.  Reáchtáltar réamhbhabhtaí Bhréagchúirt Uí Dhálaigh le Gael Linn ar maidin in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1 agus reáchtaltar an chraobh sa Chúirt Uachtarach os comhair breithiúna an tráthnóna sin.   Bronntar buantrófaí Ghael Linn agus seic ar EUR 600 ar na buaiteoirí. agus seic ar EUR 300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.

Tá gach eolas faoi Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Ghael Linn ar fáil ó Sheán Ó Ceallaigh 01:6753299 nó  ó www.gael-linn.ie.  Ní mór na foirmeacha iontrála a bheith i seilbh Ghael Linn roimh 31 Deireadh Fómhair 2008.




Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214