The latest news from Gaelport.com


Ealaíontóirí Cónaitheacha ceaptha in Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Ealaíontóirí Cónaitheacha ceaptha in Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Cuirfear tús le scéim nua ealaíne in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin, Iarthar Duibhneach ar an Aoine, 1 Bealtaine, le ceapadh beirt ealaíontóir, Domhnal Ó Bric & Bríd Ní Luasaigh, ina n-ealaíontóirí cónaitheacha san Ionad do bhiaiste an Samhraidh.


Is é aidhm an togra ná deis a thabhairt do ealaíontóirí óga a gcuid saothair a thaispeáint go poiblí ina gceantar dúchas. Ag fógairt na scéime dúirt Micheál de Mórdha, Stiúrthóir an Ionaid, go mbainfeadh an Ionad agus na healaíontóirí araon tairbhe as an scéim.

‘Tá an-seans linn go bhfuil ealaíontóirí an-chumasach inár measc anseo i gCorca Dhuibhne, agus cuireann sé go mór leis an Ionad cuid den saothar sin a bheith ar taispeáint ann. Chomh maith le sin, is maith linn spreagadh a thabhairt d’ealaíontóirí óga agus spás a chur ar fáil dóibh a gcuid oibre a chur ós comhair an tsaoil. Táimid buíoch do Ealaín na Gaeltachta a chur maoiniú ar fáil don scéim, maoiniú atá thar a bheith flaithiúil go háirithe le cúinsí eacnamaíochta na tíre faoi mar atá.’ ‘Crot’ atá mar theideal ar thaispeántas na beirte.

Saothar grianghrafadóireachta bunaithe ar charraigeacha agus an crotal a bhíonn ag fás orthu atá ag Bríd, agus líníochtaí bunaithe ar thraidisiún amhránaíochta Chorca Dhuibhne a bheidh ar taispeáint ag Domhnal.

Osclófar an taispeántas ar Lá Bealtaine agus mairfidh ar feadh trí mhí. Is í an t-amhránaí clúiteach Muireann Nic Amhlaoibh a sheolfaidh an taispeántas go hoifigiúil ar an Aoine, Lá Bealtaine, ar a 7.30pm.  

       




Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214