The latest news from Gaelport.com


Drámaíocht úrnua ar TG4

Drámaíocht úrnua ar TG4

Aréir, cuireadh tús le séasúr úr drámaíocht teilifíse ar TG4 nuair a craoladh an chéad dráma faoin scéim forbartha drámaíochta teilifíse i nGaeilge ‘Síol’. Coimisiúnaigh an stáisiún sé dhráma úrnua faoin scéim seo, a bhíonn á gcómhaoiniú ag TG4 i gcomhpháirt le hÚdarás na Gaeltachta agus Údarás Craolacháin na hÉireann.


Roghnaíodh sé dhráma ar théama leathan ‘teaghlaigh’ le forbairt agus le léiriú agus go ceann sé seachtaine beidh plé ann ar na cruacheisteanna a chuireann isteach ar theaghlaigh sa lá atá inniu ann idir bhás agus ghalar dubhach agus imirce agus anuas air sin cíorfar ceisteanna casta amhail an ginmhilleadh, ceisteanna torthúlachta agus cúrsaí clainne eile.

Thug Proinsias Ni Ghráinne,  Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 , ardmholadh dóibh siúd a bhí páirteach i Síol: “D’éirigh le scéimeanna mar seo a bhí againn cheana tallann nua a aimsiú agus a fhorbairt.  Táimid cinnte go dtiocfaidh an síol seo i mbláth freisin agus go mbeidh rath agus cáil ar na daoine seo nuair a bhainfidh siad an chéad chéim eile amach san earnáil drámaíochta teilifíse.”

Abinitio is teideal don dara dráma a chraolfar an 15 Márta.  Scéal Fhionnuala a bheidh le hinsint,  atá fillte abhaile agus ar an ollscoil tar éis bliana ag taisteal.   Tá fiacha troma uirthi agus faigheann sí obair ag múineadh Gaeilge d’eachtrannaigh, rud a dhúisíonn roinnt buncheisteanna di.   Mebh Johnstone a scríobh agus Marion Ní Loingsigh a stiúir.

Dráma duairc é Cinneadh, an tríú dráma sa tsraith a chraolfar ar an 22 Márta.   Tá Lisa ar a bealach go Londain lena cara Kate, faoi rún agus é beartaithe ag Lisa ginmhilleadh a fháil ansin.   Is iomaí constaic a castar ina mbealach sula dtagann siad go dtí uair na cinniúna.  Fiona Ní Eidhin a scríobh agus Darach Mac Con Iomaire a stiúir.

Scéal osréalach é  An Líne, an ceathrú dráma,  a chraolfar ar an 29 Márta,  ina bhfuil an tír faoi dhaorsmacht an réimis stáit agus srianta suntasacha i bhfeidhm ar shaoirse phearsanta na saoránach.  Is gá ceadúnas chun leanbh a thabhairt ar an saol, cáipéis nach bhfuil faighte ag Joe & Mary.   Kevin Lavelle agus Diarmuid Goggins a scríobh agus is é Diarmuid a stiúir.

Ar Luan Cásca, 5 Aibreán craolfar Éabha scéal mná ar mian léi leanbh a bheith aici ach a bhfuil deacrachtaí aici.   Tá páirtí aici ach bhí páistí ag Pete le bean eile roimhe seo agus tá drogall air bheith ina athair arís.  Beartaíonn Éabha fear nua a lorg ach cruthaíonn sin a chuid fadhbanna féin. Fiona Ní Dhuibhir a scríobh agus Paul Mercier a stiúir.                                                                                                                    

Déagóir a bhfuil deacrachtaí teaghlaigh aige is ábhar don dráma deireanach sa tsraith,  San Eangach    Tá a mháthair tugtha don ól agus do na fir agus is beag a suim i Liam ná ina dheirfiúr óg Daisy.  Tá Liam ar a dhícheall ag tabhairt aire don chailín beag agus is é a chumas mar réalta iomána an sólás mór ina shaol.  Dúnmharaítear imreoir ar a fhoireann agus is ar Liam a dhíríonn na Gardaí a n-amhras, rud a fhágann muintir an bhaile á dhíbirt.  Louise Ní Fhiannachta a scríobh agus Eimear Ní Choisdealbha a stiúir an dráma seo a chraolfar ar an  12 Aibreán.



le Gaelport.com

Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214