Skip to main content

The latest news from Gaelport.com


Cruinniú Práinne MFG

Cruinniú Práinne MFG

Tá cuid de stiúrthóirí MFG (Meitheal Forbartha na Gaeltachta) ag iarraidh cruinniú práinneach mar gheall ar an bpróiseas earcaíochta don Phríomhfheidhmeannach nua ar MFG.


Níl siad sásta leis an amscála gearr atá leagtha síos do na hiarratais agus tá siad ag iarraidh go gcuirfí am breise leis.
Fógraíodh an post an tseachtain seo agus is é an 6 Lúnasa an spriocdáta d’iarratais atá luaite san fhógra, níos lú ná coicís. Measann cuid de na stiúrthóirí nach bhfuil ‘ciall na réasún’ ag baint leis sin, go háirithe agus muid i lár saoire an tSamhraidh agus le lá saoire bainc ann ar an Luan seo chugainn.

De réir Meamraim & Airteagail MFG féin, tá cead ag an gcomhlacht Príomhoifigeach Feidhmiúcháin a cheapadh ar ‘cibé coinníollacha is mian leo’ ach ‘aird a thabhairt do na gnáthnósanna a bhíonn i bhfeidhm maidir le poist chosúla san earnáil phoiblí agus phríobháideach’.
Tá foireann faoi leith ag POBAL, a dhéanann maoiniú ar MFG, le comhairle a chur ar a leithéidí maidir le dea-chleachtais do cheapacháin den chineál seo.

Tá an folúntas seo ann, de bharr go bhfuil an Príomhfheidhmeannach reatha Antaine Ó Sé ag éirí as a chuid dualgais ag deireadh na míosa seo. Tá Bainisteoir Réigiúnach na Mumhan do MFG, Máire Uí Léime, le feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach eatramhach go dtí go mbeidh comharba Uí Shé ceaptha.
Tá fo-choiste roghnaithe ag an mbord leis an bpróiseas earcaíochta a bhainistiú ar a bhfuil an Cathaoirleach agus beirt stiúrthóirí eile. Thug an bord cead le go n-ainmneofaí beirt ionadaithe neamhspleách ar an gcoiste chomh maith.
Tá sé luaite sa bhfógra don phost go bhfuil sonraí poist don fholúntas le fáil ó Chathaoirleach MFG, ach nuair a d’iarr Gaelscéal cóip díbh sin ar an gCathaoirleach dúradh nach raibh siad ar fáil agus go raibh an ‘fo-choiste ag plé leo’. Meastar go bhfuil raon tuarastail ag dul leis an bpost de idir €70,000 & €95,000.

Deir Brian Carty, Stiúrthóir an Gréasán Forbartha Pobail Éireannach, scátheagraíocht ina bhfuil MFG páirteach ann, go mbíonn folúntais chomh tábhachtach leis seo fógartha níos faide agus chomh leathan agus is féidir de ghnáth, le go bhféadfaí deis a thabhairt do na hiarrthóirí is láidre teacht chun cinn.
Bhí cruinniú ag ardbhainistíocht MFG le foireann MFG na Gaillimhe an tseachtain seo inar cuireadh in iúl go gcaithfí glacadh le ciorrú pá thart ar 20% as seo go deireadh na bliana.

Níl buiséad na bliana don eagraíocht ceadaithe ag POBAL go fóill agus bhí dréacht nua de le cur ar aghaidh chucu roimh inniu. Bhí Pobal ag lorg ciorrú de 10% ar an bpárolla don bhliain, ach de bharr nach raibh sé seo aontaithe le foireann na Gaillimhe ó thús na bliana, táthar ag iarraidh orthu an ciorrú iomlán a ghlacadh thar tréimhse chúig mhí go deireadh na bliana. Táthar ag iarraidh luach tuairim €54,000 de shábháil a dhéanamh ar an bpárolla den réigiún.
Níl deireadh fós leis an bpróiseas iniúchta atá ar siúl ag POBAL maidir le MFG ach an oiread. Dúirt urlabhraí ó POBAL linn go ndéantar na hiniúchtaí seo ar bhonn leanúnach agus gurb é an próiseas a bhíonn ann ná go gcuirtear cóip de na torthaí chuig an gcomhlacht le plé ag cruinniú boird, le sraith gníomhartha molta maidir le dea-chleachtais riaradh airgid a chur ina cheart. Deir duine de na stiúrthóirí linn nár cuireadh a leithéid os a chomhair féin ag aon chruinniú boird go fóill, ach gur thug ionadaí ó POBAL tuairisc bhéil do chruinniú amháin.

Tuigtear do Gaelscéal nach bhfuil aon amhras léirithe ag POBAL maidir le hairgead a bheith imithe amú ach go bhfuil ceist maidir le suimeanna airgid a bhí á aistriú ó chlár go clár ag MFG gan cead ó POBAL.
 
Gaelscéal
30 Iúil 2010

www.gaelsceal.ie



Newsletter Signup

Register for An Chomhdháil News Services

Name:
Email:

Vótáil

Where do you speak Irish?

at work
in a conversational circle
at home
with my friends
at Irish classes
©1995-2009 Gaelport™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 - Fón: +353 1 6794780 - Facs: +353 1 6790214