The latest news from Gaelport.com


Iarratais á lorg do Bhréagchúirt Uí Dhálaigh

Iarratais á lorg do Bhréagchúirt Uí Dhálaigh

Tá áthas ar Gael Linn a fhógairt go mbeidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh ar siúl i mbliana ar an Aoine, 5 Samhain 2010. 

Eagraíonn Gael Linn an comórtas in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh. Comórtas do mhic léinn tríú leibhéal é, ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí.  Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist agus bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré. Ceadaítear suas le ceathrar ar gach foireann, agus ní gá do bhaill uile na foirne a bheith ina mic léinn ar an gColáiste Tríú Leibhéal céanna. 


Áirítear Óstaí an Rí agus An Cumann Dlí ina gColáistí Tríú Leibhéal don chomórtas seo.

Reáchtálfar réamhbhabhtaí Bhréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn  maidin Dé hAoine, 5 Samhain 2010  in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1 agus reáchtálfar an chraobh sa Chúirt Uachtarach os comhair breithiúna an tráthnóna sin.  

Bronntar buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí. agus seic ar €300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.

Glacfar le hiarratais go dtí 29 Deireadh Fómhair, 2010

Tá gach eolas faoi Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn ar fáil ó Sheán Ó Ceallaigh 01:6753299 nó  ó www.gael-linn.ie.    
 


Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214