The latest news from Gaelport.com


Easaontas idir RTÉ agus RnaG

Easaontas idir RTÉ agus RnaG

Tá easaontas idir RTÉ agus Raidió na Gaeltachta maidir le todhchaí an stáisiúin.


Sheol RTÉ cáipéis chuig Grúpa na gCeardchumann an tseachtain seo caite ag rá go ndéanfaí “repositioning” ar Raidió na Gaeltachta agus Lyric FM.

Níor thug RTÉ míniú ar céard atá i gceist leis an téarma, ach an chiall ghnó a bhaineann leis ná athrú a dhéanamh ar mhargaíocht, sprioclucht éisteachta agus an tseirbhís a chuirtear ar fáil.

Deir Ceannasaí Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, nach bhfuil an cháipéis a chuir RTÉ chuig Grúpa na gCeardchumann cruinn.

“Maidir leis an gcáipéis faoi shábháil airgid in RTÉ a foilsíodh inné, is mian liom a shoiléiriú go bhfuil an chuid de a bhaineann le Raidió na Gaeltachta míchruinn,” ar sise.

“Níl aon phlean ag RTÉ ‘reposition’ a dhéanamh ar Raidió na Gaeltachta.  Níor pléadh an cheist ariamh.”

Dúirt sí go raibh athbhreithniú á dhéanamh “ar an sceideal agus ar ghnéithe eile de riaradh na seirbhíse in iarracht airgead a shábháil.”

Níl freagra tugtha ag RTÉ ar shéanadh Ní Chuireáin go fóill.
 
www.gaelsceal.com
Foilsithe ar 6 Meitheamh 2012 / Foilsithe ar Gaelport.com - 8 Meitheamh 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas: 

RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód

Assembly concern at proposed changes to Irish language funding

Stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht: Scéim Labhairt na Gaeilge 2010/2011

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #RnaG



Gaelscéal - Colm Ó Broin

Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214