The latest news from Gaelport.com


€131,196 ar a laghad caite ar an tSamhail Nua Mhaoinithe

€131,196 ar a laghad caite ar an tSamhail Nua Mhaoinithe

Chaith Foras na Gaeilge ar a laghad €131,196 ar an tSamhail Nua Mhaoinithe ó bhí 2008 ann.


Níl costais a bhain leis an tuarascáil ar an bpróiseas comhairliúcháin a rinneadh in 2012 ná costais inmheánacha na foirne san Fhoras san áireamh san fhigiúir sin, áfach.
 
Chuir an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Dinny McGinley, na figiúirí ar fáil mar fhreagra ar cheist pharlaiminte ó urlabharaí Gaeltachta Shinn Féin, Peadar Tóibín. Ba é 2009 an bhliain ba chostasaí don phróiseas, tráth a caitheadh €45,447.
 
D’fhógair an Foras ar 29 Meitheamh go raibh siad chun deireadh a chur leis an tSamhail. Tharraing an múnla maoinithe iomaíochta go leor cáinte ó na heagrais Ghaeilge agus polaiteoirí, ina measc, Tionóil Stormont agus an Comhchoiste Oireachtais um Chomhshaoil, Iompair, Cultúir agus Gaeltachta.

“Is trua gur lean an Foras le proiseas in ainneoin go raibh na heagrais Ghaeilge ag rá go raibh sé lochtach agus nach n-éireoidh leis, agus nár caitheadh an t-airgead seo sa phobal,” arsa Julian De Spáinn, Príomhfheidhmeannach Chonradh na Gaeilge.

“Caithfidh muid bogadh ar aghaidh anois agus a teacht ar bhealach níos fearr chun an earnail a mhaoiniú,” ar seisean.

Dúirt De Spáinn chomh maith go bhfuil na heagrais Ghaeilge ag fáil “éisteacht níos fear” ón bhForas i láthair na huaire ná mar a bhí nuair a bhí an tSamhail á moladh.

www.gaelsceal.ie
Foilsithe ar 18 Iúil 2012 / Foilsithe ar Gaelport.com - 20 Iúil 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Samhail Mhaoinithe #2: Comhairleoir á lorg
As na Nuachtáin: Samhail mhaoinithe nua eile
As na Nuachtáin: Language please!

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #samhail



Gaelscéal - Colm Ó Broin

Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214