The latest news from Gaelport.com


Comóradh Mhám Trasna

Comóradh Mhám Trasna

Beidh Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins, i láthair ag Aifreann a dhéanfar a cheiliúradh in Ardeaglais na Gaillimhe Dé Sathairn seo chugainn, 15 Nollaig, mar ómós do Mhaolra Seoighe, a cuireadh chun báis go héagórach cothrom an lae sin 130 bliain ó shin.


Ciontaíodh é as a bheith páirteach i ndúnmharú teaghlaigh i Mám Trasna ar theorainn na Gaillimhe agus Mhaigh Eo sa bhliain 1882: crochadh agus cuireadh é ar láthair phríosún na Gaillimhe san áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois.

Cuirfear tús leis an Aifreann ag 1.00i.n. agus díreach ina dhiaidh déanfar bláthfhleascanna a leagadh ag an áit ar crochadh agus ar cuireadh Mhaolra Seoighe, ag an leac chuimhneacháin i gcarrchlós na hArdeaglaise.

Ag 2.15i.n. cuirfear tús le sraith imeachtaí i Músaem na Gaillimhe, ina measc siompóisiam, áit a mbeidh an staraí Ghearóid Ó Tuathaigh, an Tiarna Alton agus Johnny Joyce mar aoichainteoirí. Tá an Tiarna Alton ar dhuine de na daoine atá i mbun fheachtais i dTithe na Parlaiminte i Sasana chun  tabhairt ar údaráis na Breataine féachaint athuair ar chás Mhaolra Seoighe agus a fhógairt go raibh iomrall ceartais i gceist agus gur go héagórach a ciontaíodh agus a cuireadh chun báis é.

Is as Baile Átha Cliath do Johnny Joyce agus is duine é de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh i Mám Trasna, agus as ar ciontaíodh Maolra Seoighe.

Taispeánfar scannán de chuid RTÉ,  CSÍ Mám Trasna, curtha i láthair ag an léiritheoir Seán Ó Méalóid agus beidh deis ag an lucht féachana a ionchur féin a bheith acu ansin. Léifear píosa ón leabhar Maamtrasna, the murders and the mystery ina bhfuil cur síos ar an lá ar cuireadh Mhaolra Seoighe chun báis agus cuirfear críoch lena himeachtaí sa Mhúsaem le dán nuachumtha M’athair; Maolra Seoighe le Ciarán Ó Fátharta & fonn nuachumtha, Caoineadh Mhaolra Seoighe le  Johnny Óg Connolly.

Agus imeachtaí tagtha chun críche sa Mhúsaem tabharfar aghaidh ar Chlub Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, áit a mbeidh seisiún ceoil agus sólaistí ar fáil chun deis a thabhairt do dhaoine tuilleadh phlé a dhéanamh ar imeachtaí an lae.

Tá an ócáid chomórtha á heagrú i bpáirt le chéile ag Oifig an Choimisinéara Teanga, Músaem Cathrach na Gaillimhe agus Conradh na Gaeilge.

www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar 13 Nollaig 2012 / Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2012

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cás Mhaolra Seoighe – scáth ar mheanma phobal na Gaeltachta

Deiseanna do ghnólachtaí na Gaillimhe- Gradaim Ghaillimh le Gaeilge

As na Nuachtáin: €241k grant to help support Irish language

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser, Lár Sráide - Peadar Mac Fhlannchadha

Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214