The latest news from Gaelport.com


Scoil Gheimhridh Chumann Merriman

Scoil Gheimhridh Chumann Merriman

Beidh na sluaite ag triall ar Chathair na Mart i gContae Mhaigh Eo chun Scoil Gheimhridh Merriman 2013 a cheiliúradh.


Beidh an scoil Gheimhridh ar siúl ón Aoine 1 go dtí an Domhnach 3 Feabhra.  An Cultúr Dúchais - ó thinteáin go hilmheáin an téama atá roghnaithe don Scoil Gheimhridh. Is téama tráthúil é seo ó tharla comóradh á dhéanamh i 2013 ar chéad bhliain ó rugadh Seán Ó hEochaidh agus Caoimhín Ó Danachair, beirt a chaith dúthracht saoil le bailiú, le caomhnú agus le foilsiú na hoidhreachta.

Is in Óstán Chathair na Mart a bheidh imeachtaí na scoile don deireadh seachtaine, ina measc Club Merriman, ócáid a bheidh ar siúl oíche Aoine agus oíche Shathairn.

Tá tuilleadh eolais le fáil ó Dheirdre Nic Mhathúna ag 01 884 2352, ó Mháire Ní Neachtain ag 086 3820671 nó ar www.merriman.ie.

www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar 17 Eanáir 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 17 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Ceolchoirm mhór i gcuimhne Mhuirís Uí Rócháin

Tóstal na Gaeilge 2013 le reáchtáil i mBÁC i mí Feabhra

Éigse na Brídeoige 2013

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser, Lár Sráide - Peadar Mac Fhlannchadha

Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214