The latest news from Gaelport.com


Grianghraif Mhám Trasna

Grianghraif Mhám Trasna

Tá teacht anois ar shraith ghrianghraif dóibh siúd a bhí cúisithe maidir le dúnmharaithe Mhám Trasna.


Ina measc tá dhá ghrianghraf de Mhaolra Seoighe, an té a crochadh san éagóir 130 bliain ó shin. Ag ócáid i Músaem na Cathrach an tseachtain seo bhronn Seán Ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga, cóip de ghrianghraif Mhaolra Seoighe ar Mhéara na Cathrach, Terry O Flaherty agus Méara an Chontae, Thomas Welby.

Tá na grianghraif seo ar taispeáint sa Mhúsaem faoi láthair agus tá rogha de na grianghraif eile ar fáil ar an suíomh www.coimisineir.ie.

Bhí na grianghraif seo i bhfolach le fada agus go deimhin níorbh eol go raibh a leithead de ghrianghraif ar fáil. Tá teacht orthu anois de bharr obair Phádraig Canny ó Dhúiche Sheoigeach, fear a bhfuil an-spéis aige sa stair áitiúil.

Tháinig Pádraig ar thagairt do na grianghraif i Into the Light, le Sarah Rouse, treoirleabhair do bhailiúcháin ghrianghraif na Leabharlann Náisiúnta. Bhí na grianghraif i mbailiúchán dar teideal The Invincibles Album, áit a raibh ábhar eile a bhain le dúnmharaithe Pháirc an Fhionnuisce. Murach obair na leabharlanna agus Phádraig Canny bheith na grianghraif i bhfolach go deo.

Ba é an tOifigeach Airm, an Captaen JJ Dunne, fear a chaith tréimhse freisin mar oifigeach phríosúin, a bhailigh na grianghraif agus ba é a gharmhac, an Leifteanant Choirnéal Armstrong, a bhronn na grianghraif ar an Leabharlann Náisiúnta.

www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar 17 Eanáir 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 17 Eanáir 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Scéal Mhám Trasna ar líne

Cás Mhaolra Seoighe – scáth ar mheanma phobal na Gaeltachta

As na Nuachtáín: Breandán Ó hEaghra to leave Galway City Museum at the end of the month

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser, Lár Sráide - Peadar Mac Fhlannchadha

Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214