The latest news from Gaelport.com


Taisce Tí ar TG4

Taisce Tí ar TG4

Tá láithreoirí agus rannpháirtithe do shraith theilifíse nua á lorg ag an gcomhlacht Stirling Films, sraith atá bunaithe ar airgead a dhéanamh ar nithe nach bhfuil uait níos mó.


An coincheap atá ann ná go mbaileoidh na rannpháirtithe nithe ina dtithe; éadaí, seantroscán nó giuirléidí, agus go gcuirfidh na láithreoirí sainchomhairle orthu maidir le hairgead a thuilleamh ar na nithe sin a dhíol ar eBay nó ag ceantanna eile ar líne, chomh maith le ag aontaí nó díolacháin as búit cairr ina gceantar féin.

Más spéis leat bheith i do láithreoir ní mór pacáiste a sheoladh ar aghaidh chuig Stirling Films ina bhfuil taifead atá déanta agat agus tú i mbun agallamh a chur ar rannpháirtí agus tú ag léiriú do chumas chun comhairle a chur ar an té atá ag iarraidh brabach a dhéanamh as an taisce atá bailithe acu féin.

Tá rannpháirtithe le Gaeilge á lorg freisin, mar sin más mian leat féin, le do theaghlach nó le do chomhghleacaithe airgead breise a dhéanamh ar nithe nach bhfuil uait níos mó bí i dteagmháil le Stirling Films. Is féidir é seo a dhéanamh trí ríomhphoist a sheoladh chuig pol@stirlingtelevision.co.uk.

www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar 14 Feabhra 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 14 Feabhra 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Deireadh Seachtaine Cuimhneachán Mhico Russell

Scéim deontais €15,000 fógartha ag Rith

Sceideal na gclár Gaeilge ar fáil anois

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser, Lár Sráide - Peadar Mac Fhlannchadha

Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214