The latest news from Gaelport.com


Tóstal na Gaeilge 2013

Tóstal na Gaeilge 2013

Beidh Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag labhairt ag Tóstal na Gaeilge 2013, ócáid a bheidh ar siúl san Óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2, Dé Sathairn seo chugainn, 16 Feabhra.


Le coicís anuas tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh tús á chur le próiseas le plean teanga a ullmhú i dtrí limistéar Gaeltachta. Is cinnte go gcuirfear spéis san eolas a bheidh á roinnt ag lucht an Údaráis faoin méid atá beartaithe acu.

Beart de réir Briathair atá mar théama ag Tóstal na Gaeilge 2013 agus beidh trí réimse á phlé ag an ócáid; Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge i 2013; An Ghaeltacht i 2013 agus Freagrachtaí an Stáit i leith na Gaeilge.

Tá clár an Tóstail le fáil ag www.gaelport.com/tostal2013. Is féidir ticéad, €15, a chur in áirithe ach glaoch a chur ar Mháire Ní Phuirséil, 01 6794780 nó ríomhphoist a chur chuig maire@comhdhail.ie.

www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar 14 Feabhra 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 14 Feabhra 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Pleananna Teanga agus Polasaí Rialtais le plé ag Tóstal na Gaeilge

Comórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill 2013

Sceideal na gclár Gaeilge ar fáil anois

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser, Lár Sráide - Peadar Mac Fhlannchadha

Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214