The latest news from Gaelport.com


SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí

SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí

Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí/Leanaí i gCeatharlach, le chéile do Sheachtain na Gaeilge ar an Satharn seo chugainn, 16ú Márta  ag 11 a chlog ar maidin.


Bunaíodh SPRAOI an samhradh seo caite agus tagann an grúpa le chéile gach dara Dé Sathairn in Ionad Phobal Darach Úr.

Bíonn tae agus caife do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag spraoi. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge ach díreach suim agus sásta triail a bhaint aisti!

Costas €3 an chlann a bhíonn le n-íoc agus bíonn tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa costas sin. Eagraithe i gcomhar le Comhluadar Teo tá an grúpa SPRAOI oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois.Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn do Sheachtain na Gaeilge ach go háirithe agus beidh fáilte roimh cách!

www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar 12 Márta 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 12 Márta 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

3 lá fágtha go dtí spriocdháta Chomórtas Filíochta an Choirnéil Eoghain Uí Néill

Seachtain na Gaeilge 2013 faoi lán seoil

Gearrliosta Ghradam Uí Ógartaigh le fógairt go luath

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Carlow Nationalist - Glór Cheatharlach

Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214