The latest news from Gaelport.com


Ceiliúradh Phádraig sa Chlub

Ceiliúradh Phádraig sa Chlub

Cuirfear tús le ceiliúradh na Féile Pádraig le Ceiliúradh Ceilteach i gClub Áras na nGael, oíche Shathairn seo chugainn, 16 Márta, áit a mbeidh togha an cheoil le cloisteáil agus áit a gcuirfear fáilte roimh ghrúpa cheoil ón Bhriotáin.


Tá Lá le Pádraig féin ar cheann de laethanta móra an Chlub agus arís i mbliana beidh ceol beo le cloisteáil an lá ar fad, ag tosú ag 2.30i.n. Leanfaidh seisiúin rialta ar aghaidh i rith an lae.

Ní dhéanfar dearmad ach an oiread ar chúrsaí spóirt agus beidh cluichí ceannais na gClubanna le feiceáil chomh maith.

Má tá tú ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar an bhFéile agus críoch á chur le Seachtain na Gaeilge beidh fáilte romhat sa Chlub.

www.advertiser.ie/galway
Foilsithe ar 14 Márta 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 14 Márta 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

As na Nuachtáin: Gaillimh backs Gaeilge

Fear Gafa de bharr Gaeilge a labhairt

€1.56m don phleanáil teanga

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



Galway Advertiser, Lár Sráide - Peadar Mac Fhlannchadha

Stay informed - Register for our ezines




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Tel: +353 1 6794780 | Fax: +353 1 6790214