Is é Gaelport.com príomhshuíomh eolais na Gaeilge. Ar an láithreán Gréasáin seo, bíonn an nuacht is déanaí mar a bhaineann sé leis an nGaeilge chomh maith le folúntais, eolas faoi ranganna Gaeilge, cúrsaí oiliúna, imeachtaí agus fógraí poiblí.
Togra de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge is ea Gaelport.com. Is í Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge lár-chomhairle phobal na Gaeilge. Léirítear príomhchuspóir na Comhdhála trína Ráiteas Misin “bá agus tacaíocht don Ghaeilge mar bheotheanga agus cumas inti a neartú agus a bhuanú le go mbeidh sí á húsáid go saoráideach agus go forleathan i ngach gné de shaol mhuintir na hÉireann”.
Bunaithe i 1943, feidhmíonn an Chomhdháil mar scátheagraíocht ar na heagrais dheonacha Gaeilge agus thar ceann phobal na Gaeilge ar mhaithe leis an gcuspóir náisiúnta an Ghaeilge a athbheochan.
Tá 24 balleagraíocht anois sa Chomhdháil, ó mhór-réimsí uile na hearnála, agus tá ionadaí ó gach balleagraíocht mar chomhalta ar Bhord na Comhdhála. Is é feidhmeannas na Comhdhála atá freagrach as obair na heagraíochta a chur i gcrích ó lá go lá.
Is leis an earnáil dheonach a bhaineann an Chomhdháil agus is ón earnáil dheonach a thagann sainordú na Comhdhála. Ní eagraíocht Stáit í ná ní eagraíochtaí Stáit iad a baill.
Is cuid d'earnáil na saoránach í an Chomhdháil, i.e. cuid riachtanach den daonlathas rannpháirteach. Feictear cur chuige na hearnála deonaí ag teacht ón mbun aníos, ón leibhéal áitiúil a aithníonn a shainriachtanais féin agus a thugann a shainfhreagairt féin orthu.
Seirbhísí Eolais na Comhdhála
Is é Gaelport.com príomhshuíomh eolais na Gaeilge. Ar an láithreán Gréasáin seo, bíonn an nuacht is déanaí mar a bhaineann sé leis an nGaeilge chomh maith le folúntais, eolas faoi ranganna Gaeilge, cúrsaí oiliúna, imeachtaí , folúntais san earnáil agus fógraí poiblí.
Cuireann Gaelport.com fáilte i gcónaí roimh scéalta agus fógraí ó phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar sáile. Is féidir eolas agus íomhánna a sheoladh chugainn ag eolas@gaelport.com.
Bhuaigh an suíomh Gréasáin Gradam ag Gradaim Idirlín na hÉireann don suíomh Gaeilge is fearr sa bhliain 2010. Tá líon na gucairteoirí ag méadú in aghaidh na bliana, bhí breis agus 2 mhilliún cuairteoir ar an suíomh in 2010.
Anuas ar sin, scaiptear nuachtlitir leictreonach ar shíntiúsóirí gach coicís. Is é ‘Eolas’ an teideal atá ar an nuachtlitir ildaite chuimsitheach seo a scaiptear saor in aisce chuig breis agus 6,700 síntiúsóir gach dara Máirt. Tá cóip den nuachtlitir ar fáil le léamh anseo. Tá cartlann iomlán ar fáil anseo.
Gach lá scaiptear ‘As na Nuachtáin’, achoimre laethúil ar na scéalta is mó a bhaineann leis an nGaeilge atá foilsithe sna meáin náisiúnta agus áitiúla. Arís, is seirbhís leictreonach atá i gceist le ‘As na nuachtáin’ agus is seirbhís fíor-áisiúil í do dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge agus do gach aon duine a bhfuil suim acu i gcúrsaí reatha agus i gceisteanna teanga.
Cuireann an Chomhdháil an tseirbhís eolais, ‘Cogar’ ar fáil do chraoltóirí raidió i gcomhar le hÚdarás Craolacháin na hÉireann. Tá tuilleadh eolais faoi Cogar agus an nuachtlitir leictreonach a scaiptear gach mhí ar fáil ar Cogar.ie.
Le tamall anuas, tá an Chomhdháil ag obair i gcomhpháirt le 'Foinse' a fhoilsítear san Irish Independent gach Céadaoin. Cuireann an Chomhdháil ailt a bhaineann le obair na n-eagras agus ceisteanna teanga ar fáil don nuachtán don mhír ‘Nuacht na hEarnála’.
Bhuaigh Gaelport.com an gradam don Suíomh Gaeilge is Fearr ag Gradaim Idirlín na hÉireann i 2010 agus arís i 2011.
Tá sé mar rún againn an Ghaeilge a chur chun cinn sna meáin úra ar Twitter Facebook agus Youtube agus go gcothófaí caidrimh níos fearr leis an bpobal sna gréasáin sin. Bliain rathúil go leor a bhí ann don suíomh sa bhliain 2010 agus tháinig an líon ba mhó cuairteoirí riamh le breis agus dhá mhilliún cuairteoir tar éis cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin dátheangach.