Pádraig Mac Criostail B.Sc
Stiúrthóir na Comhdhála
Ceapadh an t-Uasal Mac Criostail mar Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge mí Lúnasa 2007. Roimh dá cheapachán sa Chomhdháil chaith sé dhá bhliain ag obair mar Chláraitheoir san Ard-Chúirt. Bhí sé ag obair mar Stáitseirbhíseach ó 1995 ar aghaidh agus chaith sé seal ag obair in ArdMhúsaem na hÉireann, le Dúchas, An tSeirbhís Oidhreachta, in Oifig Eolais na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileáin, agus i Rannóg Pholasaí Ghaeilge na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sa tréimhse sin.
Bhain sé Céim Eolaíochta amach ó Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, Díoplóma sa Léinn Dlí ó IT Átha Cliath, agus Teastas sa Chleachtas Dátheangach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Kevin De Barra B.Comm, MBS, MA, MMII
Rúnaí na Comhdhála & Bainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide
Is as An Spidéal, i gConamara do Kevin De Barra. D’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh áit ar bhain sé Céim Tráchtála agus Máistreacht sa Mhargaíocht amach, chomh maith le Dioplóma sa Ghaeilge, agus Dioplóma i Staidéar an Aistriúcháin. Le déanaí tá Máistreacht sa Ghaeilge Fheidhmeach bainte amach ag Kevin le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Roimh dó post a ghlacadh sa Chomhdháil, d’oibrigh Kevin leis an gcomhlacht idirnáisiúnta QTEK Manufacturing Ltd. mar Bhainisteoir Margaíochta Idirnáisiúnta.
Mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tá an tUasal De Barra freagrach as margaíocht a dhéanamh ar an eagraíocht, ar an earnáil agus ar obair na mballeagraíochtaí, chomh maith le comhordú a dhéanamh ar phoibliú obair na heagraíochta agus ar earnáil dheonach na Gaeilge sna meáin.
Peig Uí Dhuibhir
Feidhmeannach Riaracháin & Pearsanra
Is as An Spidéal, Cois Fharraige i gConamara do Pheig Ui Dhuibhir. Tá sí pósta agus triúr clainne aici. Chaith si roinnt blianta ag obair le comhlacht Árachas New Ireland Assurance agus Life Association of Scotland mar Oifigeach Árachais le deileáil leis an bpobal, agus tá sí ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó shin i leith.
Máire Ní Phuirséil
Oifigeach Cléireachais
Rugadh agus tógadh Máire Ní Phuirséil i Léim an Bhradáin, Co Chill Dara. D’fhreastal sí ar scoil lán Ghaelach. Tá sí ag obair sa Chomhdháil le deich mbliaina anuas agus í ag baint taitneamh as a cuid oibre!
Brígíd Ní Ghríofa
Feidhmeannach Forbartha Corparáidí
Is as Ceantar na nOileán, i gConamara do Bhrígíd Ní Ghríofa. D’fhreastal sí ar Institiúid Teicnolaíochta Átha Cliath áit ar bhain sí Dioplóma sa mBainistaíocht amach. Bhain Brígíd Dioplóma sa Ghaeilge amach in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad sa bhliain 2010.
Roimh dí post a ghlacadh le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge d’oibrigh Brígíd le comhlacht aerlíne. Mar Fheidhmeannach Forbartha Corparáidí i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tá Brígíd freagrach as seiminéar, comhdhálacha, agus imeachtaí éagsúla a eagrú, eolas a sholáthar agus é a chur ar shuíomh greasáin na Comhdhála, chomh maith le comhoibriú le baill na mballeagraíochtaí.
Niamh Ní Shúilleabháin BCL, MA
Feidhmeannach Tograí
Rugadh agus tógadh Niamh Ní Shúilleabháin i gCillín Chrónáin i gContae Chorcaí. Bhain Niamh céim sa Dlí agus an Ghaeilge amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá seirbhísí eolais na Comhdhála faoina cúram chomh maith leis na láithreáin ghréasáin Gaelport.com agus Cogar.ie. Chomh maith leis sin bíonn sí ag stiúradh straitéis dhigiteach na Comhdhála sna meáin úra.
Tá Niamh freagrach as faireachán agus monatóireacht a dhéanamh ar chúrsaí Thithe an Oireachtais agus reachtaíocht a bheadh tionachar uirthi ar an nGaeilge. Bhain sí amach Dioplóma sa Mhargaíocht Dhigiteach i 2011 chomh maith le MA sa Ghaeilge Fheidhmeach ó Insitiúid Teicneolaíochta Átha Cliath.
Ferdia Ó Mongáin BSc, MA
Feidhmeannach Reachtaíochta agus Pleanála
Is as Dumha Thuama, i nGaeltacht Iorrais, Co. Mhaigh Eo don Uasal Ó Mongáin, agus is céimí é de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit ar bhain sé B.Sc onórach amach i bhFiontraíocht le Ríomhaireacht agus Gaeilge Fheidhmeach mar aon le MA sa Chleachtas Dátheangach. Roimhe seo, shaothraigh Ferdia, le Franklin Templeton International Services sa Lucsamburg.
Is Feidhmeannach Reachtaíochta agus Pleanála é Ferdia sa Chomhdháil. Áirítear sa ról faireachán ar chur i bhfeidhm reachtaíochta, lena n-áirítear Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ach go háirithe, chun leas na Gaeilge. Áirítear sa ról freisin córais stocaireachta maidir le obair na Comhdhála agus ar thábhacht na Gaeilge a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.