Sonraí an Phoist

Tréimhsí oiliúna leis an gCoimisiún Eorpach


Leibhéal:
Tuarastal:
Taithí:
Tionscal: Earnáil an Aistriúcháin
Láthair: Sa Bhruiséil


Bain triail as tréimhse oiliúna le hArd-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Bhruiséil! – 14/01/2014

Chun na gairmeacha teanga sna hinstitiúidí Eorpacha a chur chun cinn, tá sé de ghnás againn sa Choimisiún, cuireadh a chur ar chéimithe cur isteach ar thréimhsí oiliúna nó ar ‘Stages’ mar a thugtar orthu sa Fhraincis, le gur féidir le céimithe as ceithre hairde an domhain blaiseadh a fháil ar an gcineál oibre a bhíonn idir lámha againn mar aistritheoirí. Is iontach ar fad iad na gairmeacha atá ar fáil sa Bhruiséil agus is ríspéisiúil an obair a dhéanann Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (DGT).

Ní féidir tréimhse oiliúna a shárú mar dheis léargas a fháil ar an obair sin agus aithne a chur ar chúrsaí na Bruiséile.

Tugtar liúntas €1,080 in aghaidh na míosa do dhaoine faoi oiliúint agus maireann an tréimhse oiliúna cúig mhí san iomlán.

Bíonn an-tóir go deo ar thréimhsí oiliúna sa Choimisiún. Deis iontach do Ghaeilgeoirí is ea é go mbíonn dhá áit ar fáil dhá uair sa bhliain in aonaid an aistriúcháin Ghaeilge! Is taithí an-mhaith í!

Tá an cuireadh seo oscailte ANOIS!

Chun cur isteach ar an tréimhse oiliúna a thosóidh i mí Dheireadh Fómhair 2014, ní mór an t-iarratas a chur isteach roimh mheán lae (am na Bruiséile) an 3 Feabhra, 2014. Le tuilleadh eolais a fháil:

http://ec.europa.eu/stages/index_en.htm

Foilsithe ar Gaelport.com 16 Eanáir 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna folúntais a leanas:

Cúntóir Taighde á lorg

Feighlí linbh á lorg i mBaile Átha Cliath

Lean @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

Go back to search results New search query
« Gach Post Clóigh an t-Alt Seo »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214