Eolas Faoin Imeacht

Comórtas Scríbhneoireachta Nua-Ealaín

Comórtas Scríbhneoireachta Nua-Ealaín

24 Samhain 2013 - 24 Samhain 2023

Tá an moltóir fógartha do chomórtas scríbhneoireachta Nua-Ealaín! Tá áthas orainn a rá gur é an t-údar agus foilsitheoir Darach ó Scolaí a bhéas ag déanamh scrúdú ar na h-iontrálachaí. Tá trí seachtaine fágtha  agaibh le bheith ag scríobh!

Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 'Leabhar na Bliana 2008'. Léiríodh ceithre dhráma leis, Coinneáil Orainn (2004), An Braon Aníos (2005), Craos (2007), agus An tSeanbhróg (2008), chomh maith le drámaí raidió, na gearrscannáin Cosa Nite agus An Leabhar, agus an tsraith teilifíse Na Cloigne (TG4, 2010). Stiúrthóir é ar an teach foilsitheoireachta Leabhar Breac. Tá cónaí air i gConamara.

An Comórtas:
Tá Nua-Ealaín ag tabhairt cuireadh do scríbhneoirí na Gaeilge páirt a ghlacadh i gcomórtas scríbhneoireacta nua! Má tá spéis agat a bheith i do Chriticeoir Ealaíne, seo é do dheis.  Tá muid ag lorg léirmheas gearr uait (400 focal ar a mhéid) ar aon taispeántas comhaimseartha ealaíne, ar siúl in Éirinn roimh an spriocdháta. Tá an comórtas seo maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá €150 le fáil ag an mbuaiteoir, €50 don dara háit, agus foilseofar na hiontrálaí is fearr ar an suíomh idirlíne Nua-Ealaín. Tá na rialacha simplí agus níl aon chostas iontrála i gceist!? Spriocdháta: 5pm 24 Samhain 2013.

Iarrataisí chuig nuaealain0@gmail.com.
 
Gach eolas ag: http://nuaealain.wordpress.com/comortas-scribhneoireachta/
 
© Foilsithe ar Gaelport.com 11 Samhain 2013 
 
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas: 

Gaeilgeoirí Cois Laoi
 
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge

View Calendar »

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214