Glacann An Chomhdháil ionadaíocht ar choistí náisiúnta agus idirnáisiúnta a phléann réimse leathan ceisteanna teanga.
An Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)
Bhí ról lárnach ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an tAlt faoinar bunaíodh COGG a fháil isteach san Acht Oideachais 1998 agus in aontú struchtúr na Comhairle leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ina dhiaidh sin.
Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais, 1998 tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar bun le go mbeadh sainstruchtúr ann le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge.
Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith.
Tá Tuilleadh eolais faoi COGG ar fáil anseo
Grúpa Comhordaithe ar Acht na Gaeilge Tuaisceart Éireann
Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar bhall bunaidh den Ghrúpa Comhordaithe ar Acht na Gaeilge Tuaisceart Éireann. Tá an grúpa seo atá faoi chathaoirleacht POBAL ann le comhoibriú ar bhonn uile-Éireann a chothú i measc na n-eagrais chur chun cinn na Gaeilge agus pobal na Gaeilge araon le samhail reachtaíochta soiléir agus comhaontaithe, lena n-áirítear cuinsí ar leith na Gaeilge ó thuaidh chomh maith leis an chleactas is fearr idirnáisiúnta, a chur chun tosaigh maidir le hAcht na Gaeilge do Thuaisceart Éireann.
Oibríonn an grúpa seo ar íomhá na Gaeilge a ardú agus ceist Acht na Gaeilge ar chur chun tosaigh i gcónaí ar an gclár polaítíochta thuaidh agus theas trí stocaireacht thar ceann phobal na Gaeilge le Rialtas na hÉireann agus na Breataine, le baill de Thionól Thuaisceart Éireann, leis na páirtithe polaitíochta, agus leis an earnáil phoiblí ar mhaithe leis an teanga.
Is iad seo leanas na baill uile den ghrúpa:
An Fóram Scoilphobail
Comhfhiontar atá sa bhFóram Scoilphobal idir Comhairle na Gaelscolaíochta, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Comhluadar, Forbairt Naíonraí Teo., Gaelscoileanna Teo. agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta.
Tá sé mar aidhm ag an bhFóram polasaí dea-chleachtas d’fhorbairt chomhlántach an phobail thart timpeall ar an scoil lánGhaeilge ar fud fad oileán na hÉireann a dhréachtadh, a aontú agus a chur i bhfeidhm. Trí chomhpháirtíocht idir na balleagraíochtaí dírítear ar thacaíochtaí riachtanacha a sholáthar do na scoileanna agus do na pobail scoile ar mhaithe leis an dátheangachas a chur chun cinn sa tsochaí.
Túsphointe agus fóram plé atá sa bhFóram Scoilphobail chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo labhartha agus leis an mbearna idir cumas agus úsáid na Gaeilge i measc an phobail a laghdú trí chomhphleanáil, chomhaontú spriocanna agus cur i bhfeidhm comhpháirteach.
Tugtar léargas beag thíos ar réimse oibre an Fhóraim:
An Coiste Comhairleach Oideachais
Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar bhall den Choiste Comhairleach Oideachais.
Fóram plé, faoi chathaoirleacht Fhoras na Gaeilge, atá sa choiste seo ar mhórcheisteanna churaclam na Gaeilge sa chóras oideachais a thagann chun cinn tríd an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
Is iad na geallsealbhóirí gaeloideachais seo leanas atá mar bhall den Choiste Comhairleach Oideachais:
Comhpháirtíocht agus Comhoibriú
Tá sé mar fheidhm ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comhpháirtíocht a chothú lenár ngeallsealbhóirí agus cur chuige comhtháite le réimse leathan eagras ag gach leibhéal a chur chun cinn ar mhaithe le leas na Gaeilge.
Déanann an Chomhdháil obair/tograí i gcomhpháirt leis na grúpaí seo a leanas:
An Roinn Pobail, Tuaithe & Gaeltachta
Foras na Gaeilge
Oifig an Choimisinéara Teanga
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Comhairle nan Leabhraichean
Meitheal Forbartha na Gaeltachta
Comhairle na nÓg
Cumann na Gàidhlige
Fóram na Gaeltachta
Glór na nGael
Gaillimh le Gaeilge
Club Sonas
Raidió Rí Rá
Raidió na Life
Raidió Fáilte
Fiontar
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Pobal
Forbairt Naíonraí Teo
Comhairle na Gaelscolaíochta
Altram
An t-Áis Aonad
Forbairt Feirste
Iontaobhas Ultach
Coláiste na Tríonóide,Baile Átha Cliath
Tá an Chomhdháil cláraithe leis na cumainn agus na hinstitiúidí seo a leanas:
NSAI
Institute of Public Administration
Irish Business and Employers Confederation (IBEC)
Irish Management Institute (IMI)
Small Firms Association (SFA)
Institute of Project Management Ireland
The Wheel
Irish Internet Association (IIA)
Tá sé fógartha ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge inniu go ndéanfaidh Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an tUasal Dónall Ó Braonáin, Tóstal na Gaeilge 2012 a oscailt go hoifigiúil Dé Sathairn seo chugainn.
Ar Lean »
Tá faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a chéad Scéim Ghaeilge a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhaidhm an Achta cinntiú go mbeidh fáil níos fearr ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus iad a bheith ar chaighdeán níos airde.
Ar Lean »
Tionólfar Tóstal na Gaeilge 2012 Dé Sathairn, 14 Eanáir 2012, in Óstán an Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2. Is comhdháil débhliantúil atá sa Tóstal ag a mbailíonn pobail Ghaeilge na tíre agus cairde na teanga lena chéile chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge.
Ar Lean »
Dréachtscéim á hullmhú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
Ar Lean »
Tá Comhairle Ceantair Mhachaire Fíolta i mbun comharliúcháin maidir lena mbeartas Gaeilge. Is mian leis an gComhairle Ceantair tuairimí réimse leathan daoine a fháil lena chinntiú go bhfuil an beartas praiticiúil agus cuiditheach.
Ar Lean »
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ag dréachtadh a dara scéim de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Ar Lean »
Faoi fhorálacha Chuid 5 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé i gceist ag an gCoimisiún Logainmneacha comhairle a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan, TD, ordú logainmneacha a dhéanamh chun leaganacha oifigiúla Gaeilge de logainmneacha Chontae Chorcaí (seachas na ceantair Ghaeltachta) a dhearbhú.
Ar Lean »
Tá Plean Stratéiseach Trí Bhliana nua á ullmhú ag an Seirbhís Chúirteanna le chur faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais i mí na Samhna 2011.
Ar Lean »
Fáiltíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu i dtaca le hAthbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tagann an t-athbhreithniú ar an Acht seo leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí i gcoitinne, agus tá sé mar mhír ar Chlár an Rialtais 2011-2016.
Ar Lean »
Tá tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga ag tráth a bhfuil súil le hathbhreithniú ar an reachtaíocht sin mar chuid de chlár an Rialtais. Cothrom an ama seo cúig bliana ó shin a tháinig forálacha an Achta i bhfeidhm go hiomlán.
Ar Lean »
Tá sé i gceist ag an ESB an dara scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Ar Lean »
Tá sé i gceist ag Údaráis Áitiúla Chill Dara Scéím na Gaeilge a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Ácht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Ar Lean »
Tá léiriú neamhbhalbh tugtha i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar na fadhbanna atá roimh an rialtas nua má tá fonn orthu a chlár oibre don Ghaeilge a chur i gcrích.
Ar Lean »
Tá scéim teanga úr seolta go hoifigiúil anois ag Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan.
Ar Lean »
This is just pathetic N.Ireland at its ‘point scoring’ best.
Ar Lean »
Sheol an damhsóir cáiliúla ó Dhún Dealgan, Dearbhla Lennon Scéim Teanga Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan Déardaoin 10 Márta.
Ar Lean »
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i mbun seirbhís eolais nua de shíneacha tráchta leictreonacha á chur ar fáil ar bhonn píolótach ag stadanna bus áirithe mórthimpeall na cathrach faoi láthair.
Ar Lean »
Dréachtscéim á réiteach ag an mBord um Chúnamh Dlíthiúil.
Ar Lean »
“Teip iomlán” a thug an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an mbeart a rinneadh 40 bliain ó shin deireadh a chur leis an riachtanas a bhí ann do státseirbhísigh inniúlacht a bheith acu sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Bhí sé ag labhairt ag an seimineár poiblí a d’eagraigh An Chomhdháil ar an 3 Feabhra.
Ar Lean »
Tá Coláiste na hOllscoile Corcaigh ag ullmhú an dara Scéim trí bliana de réir Ailt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Ar Lean »