Gaelport Móibíleach

Tá scéalta nuachta ó Gaelport.com ar fáil ar gach fón cliste anois. Níl ort ach cuairt a thabhairt ar m.gaelport.com.

Tá na míreanna is mó éilimh ó Gaelport.com ar fáil do gach aon duine- is cuma cá háit ina bhfuil siad nó cén fón atá acu. Is féidir teacht ar an tseirbhís nuachta agus eolais gan aon agó má tá brabhsálaí ar an bhfón cliste atá agat agus má tá ceangal idirlín agat.

Is iad seo a leanas na seirbhísí atá ar fáil anois ar m.gaelport.com:

An Nuacht is Déanaí: Na scéalta is mó ó shaol na Gaeilge gach aon lá. Foilsítear scéalta le foireann Gaelport.com i nGaeilge agus i mBéarla ar m.gaelport.com. Má bhaineann an scéal le cúrsaí Gaeilge nó Gaeltachta beidh sé ar fáil ar Gaelport.com.

As na Nuachtáin
: Achoimre laethúil ar na scéalta is mó a bhaineann leis an nGaeilge atá foilsithe sna meáin náisiúnta agus áitiúla. Is  seirbhís fíor-áisiúil í do dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge agus do gach aon duine a bhfuil suim acu i gcúrsaí reatha agus i gceisteanna teanga.

Folúntais: Cur síos cuimsitheach ar na folúntais Ghaeilge agus ar na folúntais atá fógartha in earnáil na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.

Féilire: Scéalta faoi na himeachtaí  is mó ina mbíonn fáilte curtha roimh an Ghaeilge ina measc féilte, éigsí, drámaí, coirmeacha ceoil agus seimineáir agus comhdhálacha.

Foghlaim
:Cur síos ar na cúrsaí oiliúna atá ar fáil in Éirinn agus thar sáile do dhaoine a bhfuil spéis acu tabhairt faoi chúrsaí oiliúna a dhíríonn ar an nGaeilge nó faoi chúrsaí a gcuirfeadh fostaithe in earnáil na Gaeilge suim iontu.

An bhfuil aon cheist agat?
Cuirfear fáilte i gcónaí roimh aiseolas faoi sheirbhísí eolais Gaelport.com. Seol ríomhphost chuig eolas@gaelport.com nó seol teachtaireacht ar Twitter.com chuig @Gaelport. Táimid ar Facebook chomh maith: www.facebook.com/gaelportcom

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214