An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

Beart leabhar le buachan

Beart leabhar le buachan

Mar cheiliúradh ar eagrán deiridh 7 na Seachtaine, tá lúcháir orainn deis iontach a thabhairt dár síntiúsóirí na leabhair a leanas a chrochadh leo an tseachtain seo: Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg, curtha in eagar ag Ríona Nic Congáil; Anam na Teanga: Géarscagadh ar Ghlac Gearrscéalta, curtha in eagar ag Seán Mac Labhraí agus; Splancanna ó Shaol Eile le hAlex Hijmans.


Codladh Céad Bliain Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg, curtha in eagar ag Ríona Nic Congáil
Foilsithe ag Leabhair Comhair

Is é seo an chead chnuasach d’aistí critice ar litríocht Ghaeilge na n-óg ó cuireadh tús léi breis is céad bliain ó shín. Sa chnuasach seo, ceiliúrtar na scríbhneoirí bisiúla a raibh mór thionchar ag a saothair ar threo litríocht na n-óg le breis is céad bliain agus tugtar aitheantas don iarracht atá déanta ag foilsitheoirí éagsúla chun litríocht na n-óg a chothú agus a chur chun cinn thar na blianta.

 

 

Anam na Teanga: Géarscagadh ar Ghlac Gearrscéalta, curtha in eagar ag Seán Mac Labhraí
Foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht

‘Is í an litríocht anam na teanga,’ a scríobh Seosamh Mac Grianna, agus sa leabhar seo tá dhá cheann déag de na gearrscéalta is anamúla agus is bíogúla dár scríobhadh sa Ghaeilge riamh.

Tá na mór-údair ann - Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais - agus údair nach bhfuil an aithne chéanna orthu, b’fhéidir - Peigí Rose, Fionntán de Brún, Annraoi Ó Liatháin.

Meascán den sean agus den nua, den traidisiún agus den nuálaíocht, den tallan, den chruthaitheacht agus den chumas atá sa chnuasach seo a chuirfidh iontas ar dhaoine, a spreagfaidh caint ina measc agus, b’fhéidir, a tharraingeoidh raic eatarthu.

Sa leabhar freisin tá cabhair ar fáil do na léitheoirí siúd nár mhiste leo faobhar a chur ar a scian chriticiúil leis na nótaí cuimsitheacha atá curtha i dtoll a chéile ag an bhfear eagair.

 

Splancanna ó Shaol Eile le hAlex Hijmans
Foilsithe ag Cois Life

Céad grianghraf. Céad aiste ghearr. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh.

Tá aird an tsaoil mhóir ar an mBrasaíl agus beidh go ceann roinnt mhaith blianta: 2014 – Corn an Domhain sa Sacar i dtír na Brasaíle, 2016 – Na Cluichí Oilimpeacha i gcathair Rio de Janeiro. Go heacnamaíoch agus go polaitiúil, tá ról níos tábhachtaí ná riamh ag fathach Mheiriceá Theas ar an stáitse idirnáisiúnta.

Seo cuireadh duit aithne a chur ar an mBrasaíl – aithne cheart, aithne a sheachnaíonn an cliché. Sa leabhar seo, tugann Alex Hijmans, atá ina chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa tír ó 2007, léaspairtí ar an mBrasaíl nach bhfeictear sna cártaí poist. Go deimhin, léirítear mórchuid na gcúiseanna atá leis an achrann sóisialta a thosaigh sa tír sin le déanaí sa saothar seo.

Chun go mbeidh d’ainm istigh sa mhála mór do na duaiseanna iontacha seo níl ort ach d’ainm agus sonraí teagmhála a sheoladh chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, Dé hAoine, 18 Aibreán 2014.

Buíochas leis na foilsitheoirí uile a bhronn na leabhair seo orainn.

Comhghairdeas le Michael Ó hAnluain a bhuaigh beart dlúthdhiosca na seachtaine seo caite.

©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Aibreán 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gradam Ceoil TG4 2014 bronnta ar Harry Bradley

Corn Uí Néill ag filleadh go hAlbain arís

Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh bronnta ar Tesco Gaillimh

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge




Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214