An Nuacht is déanaí le Gaelport.com

An Tionól Gaeltachta 2013

An Tionól Gaeltachta 2013

Is ar oileán Árainn Mhór atá suite trí mhíle amach ó chósta Thír Chonaill a bheidh An Tionól Gaeltachta arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus tá meascán mór d’imeachtaí beartaithe don deireadh seachtaine.  Beidh an Tionól ar siúl idir 4-7 Iúil 2013.


Tá clú agus cáil ar Oileán Árainn Mhór mar sheoid lena háilleacht agus saol ciúin na tuaithe tá an t-oileán ar an dara hoileán is mó in Éirinn a bhfuil daoine ina gcónaí air agus an ceann is mó i nDún na nGall.

I measc na n-imeachtaí atá beartaithe mar chuid den tionól beidh imeachtaí do gach aoisghrúpa, siamsaíocht, siúlóidí stairiúla, drámaí, turas báid mar aon le neart ceoil agus siamsaíochta.

Cuirfear tús leis an deireadh seachtaine le fáiltiú agus oscailt oifigiúil le hUachtarán an Chonartha Donnchadh Ó hAodha in Óstán an Ghleanna ar an Déardaoin, 4 Iúil agus ansin beidh seisiún ceoil ansin san óstán.

Ar an Aoine, 5 Iúil beidh turas báid go dtí Inis Doirn, Inis Cú agus An Tíochtar agus Inis Chaorach.  Níos déanaí sa tráthnóna beidh seimineár Pleanáil Teanga sa Ghaeltacht i Halla Chomharchumann Oileán Árainn Mhór, leanfar le seisiún mór ceoil i dTeach Early.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach beidh Siúlóid sléibhe, marcaíocht capall, iascaireacht, ceardlann photaireachta, mar aon le tráth na gceist boird.
Beidh rogha imeachtaí breise ar fáil sa cheantar, cuirfear pacáiste eolais ar fáil do gach duine a chláraíonn don Tionól. Níl na himeachtaí seo clúdaithe i dtáille an Tionóil. Beidh turas chuig teach solais agus siúlóid timpeall ar a gcuid thiar d’oileán Árainn mhór á threorú ag an scríbhneoir agus an file aitheanta agus fear de bhunús an oileáin, Prionsias Mac an Bháird. 

Níos déanaí sa tráthnóna rachaidh Aisteoirí an Lóchrainn chun stáitse i Halla Chomharchumann Oileán Árainn Mhór agus leanfar le seisiún ceoil i dTeach Ósta Phil Bán.

Ar an Domhnach beidh Aifreann i séipéal Oileán Árainn Mhór agus ansin cuirfear clabhsúr le tionól na blain seo in Óstán an Ghleanna.  Fágann bád an Tionóil (Réalt na Maidne) an t-oileán ag 2:00pm.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Chonradh na Gaeilge
Guthán:  01 4757401 / Ríomhphost: mairead@cnag.ie

 

© Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2013

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Oireachtas Cheanada le ceiliúradh den tríú bliain as a chéile

Bewley’s @ 6 Ciarán Ó Gealbháin and Dónal Clancy

Pádraigín Ní Uallacháin le ‘Songs of the Scribe’ a léiriú i nDoire

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge



le Brígíd Ní Ghíofa, Gaelport.com

Bí ar an eolas - Cláraigh dár ríomhirisí




© 1995-2011 Gaelport ™
Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2 | Fón: +353 1 6794780 | Facs: +353 1 6790214